Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 November 2021

Tuesday, 23 November 2021

Questions (387)

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

387. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Oideachais cathain a chuirfidh sí tús leis an athbhreithniú ar an gcóras nua díolúintí ó staidéar na Gaeilge a gealladh tar éis dhá bhliain d’fheidhmiú an chórais sin i scoileanna; cé mhéad díolúine a ceadaíodh sna blianta 2020, 2019 agus 2018; an dtabharfadh sí eolas ar na cúiseanna a bronnadh na díolúintí sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57569/21]

View answer

Written answers

I gcomhréir leis an ngealltanas atá sna ciorcláin maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge (0052/2019 bunscoil agus 0053/2019 iar-bhunscoil), tá an obair phleanála ar bun ar athbhreithniú tosaigh ar fheidhmiú na gciorclán.

Is iad seo a leanas líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a rinne scoileanna taifeadadh orthu ar na bunachair sonraí Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna.

Bunscoileanna: 2,117 i 2020, 1,524 i 2019 agus 3,838 i 2018.

Iar-bhunscoileanna: 11,098 i 2020, 12,059 i 2019 agus 10,539 i 2018.

Bronntar díolúintí ar scoláirí a chláraíonn ón iasacht agus ar scoláirí a bhfuil deacrachtaí foghlama suntasacha agus leanúnacha acu.

Top
Share