Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 November 2021

Tuesday, 23 November 2021

Questions (388)

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

388. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Oideachais cé mhéad ball foirne breise atá sí le cur ar fáil chun an beartas oideachais lán-Ghaeilge a chur le chéile; an féidir léi a dheimhniú nach mbeidh cur i bhfeidhm an bheartais oideachais sa Ghaeltacht thíos leis ó thaobh acmhainní foirne agus acmhainní eile de, agus a Roinn ag tabhairt faoin mbeartas oideachais lán-Ghaeilge a chur le chéile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57570/21]

View answer

Written answers

Freagra

Tá obair phleanála ar siúl, faoi stiúir an Aonaid um Oideachas Gaeltachta i gcomhar le rannóga eile na Roinne Oideachais, ar fhorbairt polasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá luach ar leith ag baint leis an taithí atá faighte le maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta i bhforbairt an pholasaí nua seo.

Is cur chuige comhoibritheach atá á ghlacadh ag an Roinn chuige seo chun tarraingt ar scileanna, eispéiris agus nósanna imeachta gach rannóg a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla den soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.

Tá an Roinn tiomanta do chur i bhfeidhm leanúnach rathúil an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus do chur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge sa chóras oideachais. Déanfar an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt ag an am céanna le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus comhthreomhar leis.

***

Planning work, led by the Gaeltacht Education Unit, in conjunction with other sections of the Department of Education, is underway on the development of a policy for Irish-medium education outside the Gaeltacht. The experience in overseeing the implementation of the policy on Gaeltacht Education is of particular value in the development of this new policy.

The Department is adopting a collaborative approach to this end to draw on the skills, experiences and procedures of all sections involved in various aspects of Irish-medium educational provision.

The Department is committed to the continued successful implementation of the Policy on Gaeltacht Education and the promotion of Irish-medium education in the education system. The new policy on Irish-medium education outside the Gaeltacht will be developed at the same time as and in parallel with the implementation of the Policy on Gaeltacht Education.

Top
Share