Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 November 2021

Tuesday, 23 November 2021

Questions (389)

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

389. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Oideachais cathain a chuirfidh sí tús le comhairliúchán chun beartas iomlán maidir leis an nGaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a chur le chéile, faoi mar a gheall a páirtí féin i rith an olltoghcháin in 2020 agus faoi mar atá luaite sa Chlár Rialtais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57571/21]

View answer

Written answers

Freagra

Leanann mo Roinn ar aghaidh ag forbairt Polasaí nua d’oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta atá aitheanta mar ghníomh tosaíochta chun cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Chlár an Rialtais a bhaint amach chun soláthar oideachais don Ghaeilge a neartú. Leanfar le cur i bhfeidhm ghníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Mar chéad chéim, bunaíodh grúpa oibre ionrannach laistigh de mo Roinn i mí Mheán Fómhair 2021 chun an obair seo a chur chun cinn.

Ceann de na chéad tascanna atá idir lámha ag an ngrúpa oibre ná creatlach comhairliúcháin a fhorbairt chun plé fairsing a spreagadh ó na páirtithe leasmhara, a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt an pholasaí nua. Déanfar athbhreithniú ar litríocht ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta a choimisiúnú mar chuid den phróiseas chomh maith.

Bunófar Coiste Stiúrtha sar i bhfad le páirtithe leasmhara ábhartha chun an próiseas forbartha polasaí a stiúradh agus a threorú, agus le cinntiú go gcuirtear tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh.

***

My Department continues to advance the development of a new Policy for Irish-medium education outside of Gaeltacht areas as a priority action to meet the objectives of the 20-Year Strategy for Irish and the Programme for Government to strengthen educational provision for Irish. The implementation of the actions in the Policy on Gaeltacht Education is ongoing.

An intradepartmental working group was established in my Department in September 2021 to progress the development of a new policy on Irish-medium education.

One of the initial tasks that is being carried out by the Working Group is the development of a consultation framework to encourage and promote wide-ranging stakeholder engagement to inform the policy development process. The policy development process will also include a review of relevant national and international literature.

A Steering Committee will be established in the near future with relevant stakeholder membership to guide the policy development process and to ensure that key stakeholder interests are considered.

Top
Share