Tá mo Roinnse tiomanta seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar i nGaeilge nó i mBéarla dá custaiméirí. Tá an Roinn ar an eolas faoina cuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na gealltanais mar atá leagtha amach inár Scéim Gaeilge 2019-2022.
Is féidir le hIonaid Intreo agus Oifigí Brainse mo Roinne seirbhísí teileafóin/duine le duine a sholáthar trí Ghaeilge, agus is féidir lenár réimsí láraithe scéime seirbhís teileafóin a thairiscint do chustaiméirí trí Ghaeilge. I gcásanna nach mbíonn baill foirne ar fáil, tairgtear seirbhís ateangaireachta. Is féidir an tseirbhís seo, ar féidir a shocrú ar ghearrfhógra, a sholáthar trí ghlao gutháin 3-bhealach, nó go pearsanta, de réir mar is gá. Is féidir le mo Roinnse gnó a dhéanamh i nGaeilge trí chomhfhreagras i scríbhinn chomh maith. Éascaíonn Rannóg Seirbhísí Faisnéise agus Léirmhínithe na Roinne iarratais ó réimsí gnó ar aistriúchán, agus eagraíonn an tseirbhís seo, atá inrochtana go lárnach, aistriúchán tráthúil ar chomhfhreagras agus ar dhoiciméadú.
Faoi láthair tá ceithre oifig phoiblí ag an Roinn i gceantair Ghaeltachta. Is féidir leis na hoifigí seo go léir seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge.
Ina theannta sin, tá mo Roinnse tiomanta d’fhorbairt agus oiliúint leanúnach na foirne chun soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a éascú agus leanann sí ag tabhairt spreagadh do bhaill foirne leas a bhaint as an raon tacaíochtaí oiliúna chun líofacht sa Ghaeilge a fheabhsú. Faoi láthair, tá 200 ball foirne ag an Roinn inár n-oifigí Intreo agus Roinne éagsúla ar fud na tíre atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an t-ábhar don Teachta.