Skip to main content
Normal View

Comharthaí Bóthair

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 December 2021

Tuesday, 7 December 2021

Questions (179)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

179. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cur síos a dhéanamh ar an scéim phíolótach do shíneacha tráchta curtha ar bun cúpla bliain ó shin ag an Roinn maidir le feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn, mar a thagair an tAire Stáit Gaeltachta dó le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Seanad le déanaí, agus cén fáth nár leanadh leis an scéim sin. [60177/21]

View answer

Written answers

Mar Aire Iompair táim freagrach as foriomlán beartais agus maoiniú maidir leis an gClár Náisiúnta Bóithre. Faoi na hAchtanna um Bóithre 1993-2015 agus de réir an Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN), is faoi Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) atá bainistíocht agus oibriú bóithre náisiúnta, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla lena mbaineann sé. Tá sé seo faoi réir na gceaduithe reachtúla riachtanacha freisin. Mar a iarradh ar BIÉ (ar a tugadh an tÚdarás Náisiúnta Bóithre ag an am) an scéim seo a phíolótú, sa chomhthéacs seo, is fearr leo an cheist seo a fhreagairt.

Iarraim ar an Teachta teagmháil a dhéanamh le m’oifig phríobháideach, mura bhfaigheann sé freagra laistigh de 10 lá oibre.

Top
Share