Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 January 2022

Wednesday, 19 January 2022

Questions (2049)

Éamon Ó Cuív

Question:

2049. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén uair a eagrófar cruinniu le hionadaithe ó Inis Meáin ata ag lorg cruinniu le trí mhi anuas leis a Roinn i dteannta Comhairle Contae na Gaillimhe le ceist dul chun cinn céibh an Chalaidh Mhóir a phlé; an chúis leis an moilll leis an gcruinniú seo; an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na céibhe seo ón samhradh seo caite; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1370/22]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is iad Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as céim a trí d’fhorbairt an Chaladh Mhóir ar Inis Meáin. Tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta leis an gComhairle Contae chun dul chun cinn a dhéanamh ar an togra.

I mí Iúil thaistil grúpa  chuig ionad an NMCI (National Marine College of Ireland) i gCorcaigh, áit ar tugadh taispeántas den ionsamhlú mara atá dá fhorbairt acu. Tuigim go raibh ionadaí ón gcoiste atá luaite ag an Teachta ina measc.

Tar éis seisiúin aiseolais, aontaíodh go ndéanfadh an NMCI tuilleadh forbairt ar an ionsamhlú, chun torthaí níos cuimsitheach a fháil, agus nuair atá sé sin déanta, seolfar cuireadh eile chuig na hionadaithe cuí.  Tuigtear dom go mbeidh gá le roinnt obair suirbhéaracht a dhéanamh ag an gcé mar chuid don obair seo.

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil cruinniu socraithe idir mo chuid oifigigh, oifigigh an Chomhairle Chontae agus ionadaithe ón gcoiste don mhí seo chugainn.

Top
Share