Skip to main content
Normal View

An Garda Síochána

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 January 2022

Wednesday, 19 January 2022

Questions (444)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

444. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an aontaíonn sí go mbeidh sé níos deacra an sprioc seirbhís a sholáthar i nGaeilge don phobal sa Ghaeltacht, mar atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, agus geallta ag an Aire, a bhaint amach anois agus an cinneadh déanta ag an rialtas deireadh a chur le caighdeán ar leith Gaeilge a bheith riachtanach chun post mar sháirsint a bhaint amach sa Gharda Síochána, agus an bhfuil aon iarracht déanta aici an dochar sin a chur in iúl dá comhghleacaí sa chomh-aireacht, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. [2660/22]

View answer

Written answers

Mar is eol don teachta, neartaíonn an reachtaíocht nua a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Go deimhin, cuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a bheidh ar fáil don phobal.

Tá curtha in iúl agam cheana go bhfuil arduithe céime do ghrád Sáirsint agus Cigire sa Gharda Síochána faoi réir ag Rialacháin an Gharda Síochána 2021 atá faoi choimirce na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannas. 

Trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge ag eascairt as achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta. Beidh an Teachta ar an eolas gurb iad príomh spriocanna an Achta seo 20% d’earcaithe nua don seirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030 agus go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge.

Aithním go bhfuil dúshlán ann maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge. Níl aon amhras ach go neartóidh na leasuithe sa reachtaíocht stádas na Gaeilge san earnáil Stáit, á chinntiú go mbeidh seirbhísí ar ardchaighdeán i nGaeilge á soláthar ag an tseirbhís phoiblí don phobal Gaeilge agus i gceantair Ghaeltachta.

Bí cinnte go mbeidh mise ag obair go dícheallach le hoifigigh mo Roinne chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta leasaithe agus chun oibriú i dtreo Plean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Poiblí i nGaeilge a fhorbairt.

Top
Share