Skip to main content
Normal View

Údaráis Áitiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 January 2022

Wednesday, 19 January 2022

Questions (616)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

616. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén freagra atá aige ar an éileamh a rinne príomhfheidhmeannaigh Chomhairle Contae Chorcaí, Chomhairle Contae Chiarraí, Chomhairle Contae na Mí agus Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mí na Samhna 2021 inar lorgaíodh soiléiriú maidir leis na coinníollacha a bhaineann le pleanáil forbartha tithíochta i gceantair Ghaeltachta. [2666/22]

View answer

Written answers

Déantar reachtú do chur i bhfeidhm leanúnach an phróisis phleanála teanga in Acht na Gaeltachta, 2012, a bhuntacaíonn leis an tiomantas do na cuspóirí a leagtar amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 go 2030 a bhaint amach. 

Is é Acht 2012, a thagann faoi chuimsiú shainchúram mo chomhghleacaí, an tAire Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an phríomhionstraim bheartais, ar an ábhar sin, chun an Ghaeilge a chosaint.  Is é ról mo Roinne a chinntiú go dtacaíonn an córas pleanála leis an mbeartas sin ar bhonn oibríochtúil agus go praiticiúil trí chur i bhfeidhm sa chóras pleanála. Léirítear an tiomantas seo sa Chreat Náisiúnta Pleanála (an CNP) agus cuimsítear Cuspóir 29 ann, “tacú le cur i bhfeidhm pleananna teanga i gCeantair Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge”.

Tar éis plé agus idirchaidreamh a dhéanamh le hoifigigh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus le páirtithe leasmhara eile ar spéis leo, Conradh na Gaeilge ina measc, thionóil mo Roinn meitheal i lár na bliana 2021 le scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla an phróisis phleanála i ngach ceantar Gaeltachta.  Tá ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha i mballraíocht an ghrúpa seo.  Tá mo Roinn tiomanta d’oibriú leis na páirtithe leasmhara ábhartha sna míonna amach anseo ag féachaint le comhaontú a dhéanamh ar fheabhsúcháin phraiticiúla agus ar phróisis dea-chleachtais a thacóidh le agus fheabhsóidh na forálacha tábhachtacha beartais agus na forálacha reachtaíochta atá i bhfeidhm.

Faoi mar is eol don Teachta Dála, ghlac mé le cuireadh le teacht i láthair os comhair an Choiste um Ghnóthaí Gaeilge an 26 Eanáir maidir le “Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht agus Treoirlínte Nua maidir leo seo”. 

Níl sa tsaincheist a tugadh chun solais sa cheist a cuireadh ach ceist amháin as roinnt ceisteanna a chuir na húdaráis áitiúla ar aird ina ráiteas leis an gCoiste agus ní raibh an deis agam go fóill freagra foirmiúil a thabhairt air.  Ar a bharr sin, bheadh sé anabaí díriú go hiomlán ar an tsaincheist a tugadh chun solais sa cheist, agus caithfear í a chur i gcomhthéacs i mbreithniú níos fairsinge a dhéanamh ar phleanáil teanga agus ar pleanáil fhisiciúil.  Tá breithniú á dhéanamh air seo faoi láthair ag mo Roinn agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.  Is tábhachtach a bheidh sé go gcuirfidh mé eolas cuimsitheach sa chiall is leithne ar fáil do chomhaltaí an Choiste ar na saincheisteanna ábhartha agus go dtabharfar deis do chomhaltaí athbhreithniú domhain a dhéanamh ar an gceist.  

Chuige sin, beidh oifigigh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a oibríonn go dlúth le mo Roinn maidir leis na saincheisteanna atá á bplé, i láthair os comhair an Choiste i dteannta m’oifigeach féin den RTRÁO.  Léiríonn seo an caidreamh maith oibre agus an comhthiomantas idir an dá Roinn chun nósanna imeachta agus cleachtais reachtaíochta a chur chun cinn agus a fheabhsú a thabharfaidh tacaíocht bhreise don bheartas agus don chreat reachtaíochta agus le treoir phleanála amach anseo freisin.

Is mian liom a chinntiú go mbeidh plé eolach agus cuimsitheach againn agus táim ag tnúth le teagmháil a dhéanamh le comhaltaí an Choiste maidir leis an gceist seo.

Top
Share