Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta.
Ar mhaithe le beart a dhéanamh de réir bhriathar an ghealltanais sin, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) comórtas á reáchtáil ar iarratas mo Roinne in athuair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne. Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh an dara chomórtais seo, tá na chéad chéimeanna eile á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i gcomhar leis an OGP i dtreo sainchomhairleoireacht cáilithe go cuí a aimsiú don chúram.
Mar chuid den athbhreithniú, tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Tá i gceist an próiseas sin a sheoladh go luath.
Faoin socrú atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.