Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 February 2022

Tuesday, 8 February 2022

Questions (406, 408)

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

406. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Oideachais maidir le daltaí bunscoile agus scoláirí iar-bhunscoileanna a mbíonn deacrachtaí suntasacha foghlama leanúnacha acu, cad iad na staitisticí do líon na ndíolúintí in 2019-2020 agus 2020-2021 i gcomparáid leis na blianta 2016-2019; cén tionchar a bhí ag na critéir nua ar na figiúirí sin agus ar an gcritéar Scór Caighdeánaithe ar thástáil scoite sa Léitheoireacht Focal, sa Léamhthuiscint nó sa Litriú a bheith bainte amach ag/faoi bhun an 10ú peircintíl go háirithe; agus cé mhéad díolúintí a bronnadh de bharr toradh amháin ar thástáil scoite na Léitheoireachta Focal, na Léamhthuisceana nó an Litrithe. [5952/22]

View answer

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

408. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Oideachais i bhfianaise na bhfigiúr a nochtadh san athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge, an dóigh leí go bhfuil cur chuige oideachais cuimsitheach á chur i bhfeidhm sna scoileanna maidir le rochtain a thabhairt do gach dalta scoláire ar fhoghlaim na Gaeilge de réir a chumais féin nó a cumais féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5954/22]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 406 and 408 together.

Tá sé i gceist agam PQ 5952 agus 5954 a thógáil le chéile.

Tá na curaclaim Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal ann do gach scoláire. Ina ainneoin sin, glactar leis go mbíonn cúinsí eisceachtúla ann ina bhféadfadh scoileanna breathnú maidir le díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú agus tá na cúinsí eisceachtúla sin leagtha amach i Mír 2.2 de na Ciorcláin ábhartha. Tacaítear le scoileanna teacht ar chinneadh trí na nósanna imeachta maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú atá leagtha amach i Mír 2.3 den Chiorclán ábhartha agus atá mionsonraithe sna Treoirlínte a ghabhann leis sin. Caithfidh scoileanna faisnéis staitistiúil a sholáthar don roinn maidir leis an líon agus na forais ar a ndéantar díolúintí a dheonú trí úsáid a bhaint as as an mBunachar Sonraí Ar Líne do Bhunscoileanna (POD) nó as an mBunachar Sonraí Ar Líne d’Iar-bhunscoileana (P-POD) de réir mar is cuí. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil scór gnóthachtála litearthachta i Léamh Focal, Léamhthuiscint nó Litriú ag an 10ú peircintíl, nó faoina bhun sin, ach ar cheann de na critéir a chaithfear a chomhlíonadh nuair a bhíonn iarratais i gceist faoi fhomhír 2.2.c. den chiorclán ábhartha. Ina theannta sin, caithfidh daltaí a bheith i rang a dó ar a laghad agus deacrachtaí suntasacha leanúnacha foghlama a bheith acu in ainneoin fáil a bheith acu ar chur chuige idirdhealaithe i leith foghlaim na teanga agus na litearthachta thar thréimhse ama.

Caithfidh scoileanna gach díolúine a dheonaítear ó staidéar na Gaeilge a chlárú ar an mbunachar sonraí ábhartha ar líne lena n-áirítear iad siúd inar roghnaigh dalta gan díolúine a deonaíodh i scoilbhliain ar leith a fheidhmiú. Dá bhrí sin níl staitisticí ar fáil maidir le líon na ndíolúintí atá á bhfeidhmiú faoi láthair. Ina theannta sin, toisc go bhfuil na sonraí ag brath ar ionchur go díreach ó na scoileanna, déanann an roinn na staitisticí a mheas mar staitisticí sealadacha go dtí go ndeimhnítear iad. Níltear ag súil le staitisticí deimhnithe don scoilbhliain 2020/21 go dtí samhradh 2022.

Díolúintí cláraithe ar bhunachair shonraí na roinne:

2016/17

2017/18

2018/19

2019/20

2020/21

An Líon Iomlán Díolúintí a deonaíodh ar bhonn RSO (Bunscoileanna)

2954

3212

3153

1313

1863

An Líon Iomlán Díolúintí a deonaíodh ar bhonn RSO (Iar-Bhunscoileanna)

4,099

4,919

5,074

6,026

6,249

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é cuspóir POD agus P-POD ná faisnéis staitistiúil a bhunú ar scoileanna seachas ar dhaltaí. Ní úsáidtear é chun dul chun cinn dalta aonair tríd an gcóras oideachais a rianú. Dá bhrí sin, cuimsíonn na staitisticí ar dhíolúintí a deonaíodh in iar-bhunscoileanna, mar atá cláraithe ar an P-POD, díolúintí a deonaíodh do dhaltaí sa bhunscoil agus a cláraíodh an bhliain a bhí na daltaí ag dul isteach san iar-bhunscoil. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh díolúine cláraithe faoi dhó sna sonraí thuas agus d’fhéadfadh díolúintí a cláraíodh ar an P-POD do na blianta tar éis fhoilsiú chiorcláin 2019 a bheith deonaithe faoin sean-chiorclán 12/96 do Bhunscoileanna.

I gcomhthéacs na n-uimhreacha thuas, is léir go raibh laghdú suntasach ar líon na ndíolúintí a deonaíodh ar bhonn riachtanais speisialta oideachais ag leibhéal na bunscoile sna blianta acadúla 2019/20 agus 2020/21 agus is cosúil gur tháinig méadú ar an líon díolúintí a deonaíodh ag an iar-bhunleibhéal. Níl sé soiléir go fóill cad iad na tosca cúiseacha a bhfuil tionchar acu ar na staitisticí seo agus beidh siad á mbreithniú ag an Roinn i gcomhthéacs an athbhreithnithe nuair a bheidh staitisticí 2020/21 bailíochtaithe go hiomlán.

Question No. 407 answered with Question No. 405.
Question No. 408 answered with Question No. 406.
Question No. 409 answered with Question No. 405.
Question No. 410 answered with Question No. 405.
Top
Share