Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 February 2022

Tuesday, 8 February 2022

Questions (53)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

53. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cén méid de bhuiséad na Roinne a chaitear ar chúrsaí nó ar mhúineadh trí Ghaeilge, mar fhigiúr agus mar chéatadá. [6258/22]

View answer

Written answers

Déantar foráil i mbuiséad mo Roinne le haghaidh: i) tuarastail agus pinsin oibrithe na hearnála poiblí san ardoideachas, sa bhreisoideachas agus sna hearnála taighde, ii) costais reatha ó lá go lá agus riachtanais infheistíochta caipitil na n-institiúidí ardoideachais agus breisoideachais, iii) taighde Éireannach lena n-áirítear trí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, iv) tionscnaimh scileanna agus margadh saothair trí SOLAS agus an Ciste Náisiúnta Oiliúna, v) costais riaracháin ghinearálta mo Roinne.

San earnáil Ardoideachais, leithroinneann an Roinn seo maoiniú trí dheontas don Údarás um Ardoideachas (HEA) a dhéanann dáileadh ar an mhaoin chuig na hInstitiúidí Ardoideachais. Leithroinneann an HEA mar bhlocdheontas ar na hinstitiúidí le gníomhaíochtaí teagaisc, taighde agus tacaíochta a chlúdach. Leithroinntear an deontas trí fhoirmle maoinithe, atá á dtiomáinte ag uimhir iniúchta na mac léinn don bhliain roimhe. Áirítear na huimhreacha deontais seo mic léinn atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge nó mic léinn a bhfuil a gcuid staidéir á dhéanamh trí Ghaeilge.

Is faoi gach institiúid ar leith atá leithroinnt shonrach an bhlocdheontais lena n-áirítear cé mhéid a leithroinntear chuig réimsí aonair, lena n-áiritear cúrsaí Gaeilge. Níl an tsuim shonrach a chaitear ar chúrsaí a thugtar trí mheán na Gaeilge san earnáil ardoideachais ar fáil go réidh. Is féidir liom áfach an méid a leanas a dheimhniú.

Tá líon na mac léinn a dhéanann staidéar ar chúrsaí Gaeilge, nó atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge san ardoideachais méadaithe ó 2,145 sa bhliain acadúil 2016/2017 go 2,695 sa bhliain acadúil 2020/2021.

Chomh maith le maoiniú le blocdheontas, bíonn leithrannta imfhálaithe ar son cuspóirí straitéiseacha sonracha nó tábhachtacha curtha in áirithe ag Ranna nó ag an HEA ó am go ham. Tá dhá fhoráil thosaíochta Gaeilge imfhálaithe mar sin agus maoinithe ag an Roinn trí an HEA:

1) €1,766,000 sa bhliain do OÉ Gaillimh le haghaidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; agus

2) €900,000 sa bhliain do na hollscoileanna agus na coláistí le tacú le cur le húsáid na Gaeilge i measc mic léinn agus lucht foirne.

San earnáil Breisoideachais agus Oiliúna (FET), tá na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) freagrach as a bhforáil a struchtúrú de réir éileamh agus riachtanas na bhfoghlaimeoirí, de réir tosaíochtaí scileanna áitiúla agus náisiúnta. Cuirtear é seo i gcríoch in éineacht le Comhaontuithe Straitéiseacha Feidhmíochta atá curtha ar bun idir SOLAS agus gach ceann de na BOO.

Cuirtear na cúrsaí seo ar fáil ar bhun éilimh agus áirítear iontu cúrsaí a sholáthraítear trí Ghaeilge.

Ar nós earnáil an Ardoideachais, níl an soláthar iomlán le haghaidh cúrsaí Gaeilge san earnáil breisoideachais ar fáil go réidh. Tá breis faisnéise iarrtha agam ar na BOO áfach maidir le líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil agus ar an líon atá ag freastal orthu. Tabharfaidh mé freagra díreach ar an teachta nuair a bheidh an fhaisnéis seo ar fáil.

Questions Nos. 54 to 59, inclusive, answered orally.
Top
Share