Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2022

Wednesday, 16 February 2022

Questions (97)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

97. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sí ar an eolas, in ainneoin an ardaithe breise maoine a fuair Foras na Gaeilge i mbliana, nach ndearnadh an t-ardú ar Scéim Pobal Gaeilge ó €47,000 go €55,000 is gá ionas gur féidir leis na grúpaí sa scéim feidhmiú i gceart; agus an raibh aon chaidreamh idir í féin, a oifigigh agus Foras na Gaeilge faoin gceist sin nó faoi cheist na Scéime Pobal Gaeilge le bliain anuas, agus cad a bhí i gceist leis. [8455/22]

View answer

Written answers

Tháinig deireadh le Scéim Pobal Gaeilge ag deireadh 2021. Baineann an tsuim €47,000 atá luaite ag an Teachta le uasmhéid an deontais atá ar fáil faoi Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge (SFLG) de chuid Fhoras na Gaeilge – scéim nua atá in áit ó thús 2022.  

Cuireadh moltaí Fhoras na Gaeilge maidir leis an scéim nua san áireamh i gcáipéis chomhairliúcháin a d'fhoilsigh an eagraíocht i mBealtaine 2020. Sa cháipéis chomhairliúcháin sin, moladh go mbeadh trí céim le baint amach ag pobail a bhí páirteach sa scéim.  Moladh €30,000 don Ardchéim; €45,000 don Mheánchéim agus €15,000 don Bhunchéim.

Bunaithe ar an aiseolas a fuair Foras na Gaeilge ón gcomhairliúchán agus tar éis plé inmheánach agus leis an mBord a bheith déanta,  rinneadh na leasuithe seo a leanas i gcomhthéacs maoiniú breise a cuireadh ar fáil ó na ranna urraíochta ó thuaidh agus ó dheas:

1. Cinneadh nach mbeadh difear idir na leibhéil mhaoinithe don Ardchéim agus don Mheánchéim;

2. Cinneadh méadú ar an ollchiste ó €1.02m (mar a bhí don tsean scéim SPG) go €1.376m.

3. Cinneadh go méadófaí an deontas aonair do ghrúpaí ag an Ardchéim agus an Meánchéim ó €45,000 go €47,000. (Is é €42,500 a bhí ar fáil faoi SPG roimhe seo.)

Is é an cuspóir a bhí ag Foras na Gaeilge, líon na bpobal a d’fhéadfadh buntáiste a bhaint as an scéim nua a uasmhéadú, seachas níos mó den mhaoiniú a chur ar fáil do líon níos lú pobal. D’aithin Foras na Gaeilge fosta na nithe breise seo:

1. Go mbeadh fordheontas breise de €15k/£13.5k ar fáil do ghrúpaí ag an Meánchéim le cabhrú leo aitheantas a fháil mar cheanneagraíocht Líonra Gaeilge dá gceantar (ag brath ar bheannacht na Ranna urraíochta); agus  

2. Go mbeadh deis ag deontaithe cur leis an maoiniú faoi na céimeanna éagsúla den scéim, trí iarratas a dhéanamh ar réimse leathan de scéimeanna eile de chuid Fhoras na Gaeilge a chuireann le forbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Ina measc siúd, tá maoiniú ar fáil le haghaidh campaí samhraidh, imeachtaí óige agus mionfhéilte a reáchtáil.

Is fiú a aithint, tríd an scéim úr seo, gur méadaíodh an líon grúpaí le maoiniú d’Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ó 22 go 28, agus go bhfuil 8 ngrúpa eile tugtha isteach sa scéim faoin mBunchéim.

Top
Share