Tá sé mar chuid lárnach de pholasaí na Roinne seo a chinntiú go bhfuil teacht ag pobail oileánda na tíre ar sheirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir ar féidir brath orthu.. Cuirtear na seirbhísí seo ar fáil do oileánaigh ó cheann ceann na bliana ar phraghas atá réasúnach, rud a chuidíonn go mór leis na pobail sin leanúint orthu ag maireachtáil ar na h-oileáin.
Tá an t-seirbhís farantóireachta gasta ó Oileán Thoraigh go dtí an mórthír áirithe mar cheann dos na seirbhísí sin. Mar is eol don Teachta, reáchtáil mo Roinn trí chomórtas soláthair poiblí ar mhaithe leis an t-seirbhís sin a chur ar fáil do phobal Thóraigh. Tá athbhreithniú breithiúnach iarrtha ag duine dos na forthairgeoirí ar thoradh an chomórtais is deireanaí a ritheadh i 2019. Tá an cás fós os comhar na h-Árd Chúirte agus go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an bpróiseas sin, tá cosc ar an Roinn an conradh a bhronnadh.
Tá an t-athbhreithniú breithiúnach ag tógáil níos faide le réiteach nár mar a ceapadh ag tús an phróiseas. Tuigeann an Roinn an cruatan a bhíonn ar phobal Thóraigh, go hairithe le linn an Gheimhridh, nuair nach bhfuil fáil ar an t-seirbhís seo. Dhá réir, tá mo Roinn ag fiosrú na féidearthachtaí a bhaineann le comórtas poiblí eile a reáchtáil ar mhaithe le conradh eatramhach farantóireachta gasta a chuir in áit do phobal Thóraigh. Tá an obair seo dhá dhéanadh faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh toradh dearfach air go luath.