Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 February 2022

Tuesday, 22 February 2022

Questions (454)

Éamon Ó Cuív

Question:

454. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais líon na mBunscoileanna Gaeltachta atá aitheanta faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta; an líon múinteoirí ranga atá i ngach scoil acu, briste síos de réir contae; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9439/22]

View answer

Written answers

Tá liosta de bhunscoileanna, de réir contae, atá lonnaithe i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, le líon na múinteoirí ranga, ar fáil sa tábla EXCEL faoi iamh.

Tá 105 (80%) de na 132 bunscoil sa Ghaeltacht ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ó 2017 ar aghaidh agus tá na bunscoileanna seo ar an aistear chun na critéir theangabhunaithe faoin Scéim a chomhlíonadh d’fhonn cáilíocht an oideachais trí mheán na Gaeilge a threisiú.

Tá acmhainní breise curtha ar fáil do na bunscoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais, lena n-áirítear uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, chun tacú lena rannpháirtíocht ghníomhach sa Scéim chun na critéir theangabhunaithe a chomhlíonadh.

Tugtar deiseanna ar bhonn bliantúil do na 27 bunscoil eile i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nach bhfuil páirteach sa Scéim cheana féin páirt a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle lena bpobal scoile áitiúil.

Tá an Scéim seo mar cheann de phríomhghníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.

Question:

To ask the Minister for Education the number of Gaeltacht primary schools recognised under the Policy on Gaeltacht Education; the number of classroom teachers in each school, broken down by county; and whether she will make a statement on the matter.

A list of primary schools by county located in Gaeltacht language-planning areas, with numbers of class teachers, is available in the attached EXCEL table.

105 (80%) of the 132 primary schools in the Gaeltacht have been participating in the Gaeltacht School Recognition Scheme since 2017 and these primary schools are on the journey to meet the language-based criteria under the Scheme in order to strengthen the quality of Irish-medium education.

Additional resources have been made available to primary schools participating in the Recognition Scheme, including language support hours for Irish, to support their active participation in the Scheme in meeting the language-based criteria.

The remaining 27 primary schools in Gaeltacht language-planning areas that are not already participating in the Scheme are given opportunities on an annual basis to participate following consultation with their local school community.

The Gaeltacht School Recognition Scheme is one of the key actions of the Policy for Gaeltacht Education 2017-2022.

Bunscoileanna

Top
Share