Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 February 2022

Thursday, 24 February 2022

Questions (1)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an aontaíonn sí gurbh í Scéim Labhairt na Gaeilge an uirlis ba chríochnúla a bhí ag an Stát chun tomhais a dhéanamh ar leibhéal úsáide na Gaeilge mar theanga theaghlaigh sa Ghaeltacht, agus go bhfuil neart fianaise ann gur spreag an scéim teaghlaigh chun cloí leis an nGaeilge mar theanga bhaile agus gur chabhraigh sí leis an nGaeilge a bhuanú mar theanga phobail, tábhacht atá aitheanta i bpleananna teanga Gaeltachta a aontaíodh lena Roinn; an aontaíonn sí gur chuir an Stát deireadh leis an scéim seo in aghaidh thoil phobal na Gaeltachta agus in aghaidh chomhairle na n-eagraíochtaí Gaeilge ag an am, lena n-áirítear moltaí an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch inar moladh an scéim a mhéadú; an aontaíonn sí go bhfuil gá anois múnla nua den scéim sin a thabhairt ar ais mar chúnamh don phróiseas pleanála teanga agus mar bhealach chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna an Stáit maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a bhaint amach; agus an bhfuil sí sásta gníomhú chun a chinntiú go dtarlaíonn sé sin. [10696/22]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Baineann an cheist seo le scéim labhairt na Gaeilge, scéim a bhí ann suas go dtí 2011. An gcreideann an tAire Stáit gur seo ceann de na scéimeanna críochnúla gur chóir go mbeadh ann chun tomhais a dhéanamh ar leibhéal na Gaeilge agus chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sa Ghaeltacht?

Mar is eol don Teachta, chuirtí deontas faoi scéim labhairt na Gaeilge, arbh fhiú suas le €260 in aghaidh na bliana é, ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann a léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha bhunadh an tí acu. Tá na tacaíochtaí teanga a chuirtear ar fáil faoi chlár tacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne, agus go deimhin faoin bpróiseas pleanála teanga araon, dírithe ar thacaíochtaí ar bhonn pobalbhunaithe trí chéile seachas ar dheontais phearsanta per se. Mar sin, tá cistiú suntasach, atá ardaithe go céimiúil ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge 11 bliain ó shin, á chur ar fáil ar leas na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Luafainn sa chomhthéacs sin an cistiú atá á chur ar fáil ag an Roinn don eagraíocht Tuismitheoiri na Gaeltachta. Leis an gciste sin, ar fiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana faoi láthair, cuirtear clár leathan tacaíochtaí praiticiúla ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. Níor mhiste a lua go bhfuil an ciste sin deich n-oiread níos airde ná an gciste bliantúil arbh fhiú €50,000 dá fheabhas é, a chuirtí ar fáil don eagraíocht cúig bliana ó shin. Comhthreomhar leis an gciste sin, luafainn chomh maith an maoiniú suntasach atá á chur ar fáil ag an Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta, atá dírithe ar thacú ar bhonn níos leithne le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil páistí ag aois réamhscoile acu. Tá ciste ar fiú beagnach €500,000 curtha ar fáil don eagraíocht ag mo Roinn i mbliana. Tagann sin sna sála ar an gciste trí bliana arbh fhiú sa bhreis ar €1.2 milliún a cuireadh ar fáil ó 2018 go 2021.

Mar a bhaineann sé le tacú le teaghlaigh Ghaeltachta tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta, luafainn an cistiú suntasach thar tréimhse trí bliana atá á chur ar fáil ag mo Roinn chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Críochnóidh mé an freagra nuair a thiocfaidh mé ar ais.

Ceist mhór fhada a bhí ann agus tá a fhios agam go raibh roinnt di rialaithe as ord go déanach aréir. An rud a bhí i gceist sa cheist ná tuilleadh eolais a fháil faoin scéim mar a bhí sí. An gcreideann an tAire Stáit gur uirlis í a bheadh úsáideach amach anseo maidir le slat tomhais ó thaobh cé mhéad teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge? An bealach é gur féidir clainne nó teaghlaigh a mhealladh chun fanacht leis an nGaeilge i gceantair Ghaeltachta atá faoi léigear ag an mBéarla nó fiú siúd atá tar éis an Ghaeilge a thréigean beagán teacht ar ais chuici? Tá na ceisteanna sin i gceist agam ach ceann de na fadhbanna atá agam ag déileáil leis an gceist seo ná go bhfuil mé de shíor ag lorg eolais ar cén chostas a bhí ann roimhe seo nuair a bhí an scéim ann. Ní raibh an Roinn in ann an méid sin a sholáthar dom roimhe seo ach b’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann a insint dom cén chostas a bhí ar an Stát nuair a fuarthas réidh léi. Ansin b’fhéidir go mbeidh muid in ann a oibriú amach an fiú í a dhéanamh arís.

Mar is eol don Teachta, cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge in 2011. Faoin scéim sin chuirtí deontais arbh fhiú €260 in aghaidh na scoilbhliana ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh. Tá an clár tacaíochtaí teaghlaigh, atá bunaithe ag mo Roinn ó 2012, dírithe ar thacaíochtaí atá pobalbhunaithe agus ní díreach ar bhonn pearsanta. Tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil ó mo Roinn faoin gclár sin. Anuas ar sin, tá réimse tacaíochtaí ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga agus tá cistiú suntasach ar fáil faoin gclár seo. Tá an cistiú seo ardaithe go céimiúil ó cuireadh tús leis. Mar shampla, tagraím arís don chistiú atá ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta. Leis an gcistiú sin, arbh fhiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana faoi láthair agus a ceadaíodh anuraidh, tá sé ar a chumas clár leathan tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

Aithním na tacaíochtaí praiticiúla a luaigh an tAire Stáit agus níl mé ag iarraidh cur as dóibh. Is anuas orthu sin a bheadh scéim labhairt na Gaeilge dá dtógfaí ar ais í. Ghlac an tAire Stáit leis, nuair a rinne sé tuarascáil taighde Thuismitheoirí na Gaeltachta a sheoladh anuraidh, go bhfuil géarchéim thromchúiseach ann i leith teangeolaíochta sa Ghaeltacht. Mar sin, tá ar an Stát díriú isteach ar conas is féidir leis teaghlaigh a mhealladh ar ais chuig an Ghaeilge, a mhealladh chun fanacht léi nó fiú siúd nach bhfuil tar éis clainne a thógáil le Gaeilge a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Caithfear sin a dhéanamh ach go háirithe sna ceantair atá ar imeall na Gaeltachta agus atá i mbaol ón ngalldú atá ag tarlú timpeall orthu le tamall de bhlianta anois. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit níos mó a dhéanamh agus níos mó airgid a chur sa treo sin le féachaint conas gur féidir leis fás agus conas gur féidir linn tacaíochtaí breise a thabhairt do na clainne sin.

Tá maoiniú suntasach á chur ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, mar shampla, ó mo Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta. Cuimsíonn an maoiniú sin dóibh tacú ar bhonn níos leithne le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil páistí ag aois réamhscoile acu. Tá ciste ar fiú €500,000 curtha ar fáil don eagraíocht ag mo Roinn i mbliana agus tá tuilleadh maoinithe ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta. Tá cistiú suntasach ann chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil trí na gréasáin bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Tá na cistí faoi leith a chuirtear ar fáil faoi scéim na gcúntóirí teanga, clár na gcluichí Gaeltachta, clár na n-ealaíon teangabhunaithe dár teideal CUISLE, agus beartais eile nach iad san áireamh sa chiste sin. Níl ansin ach cuid den chistiú. Tá tacaíochtaí eile ábhartha nach beag iad á gcur ar fáil ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta faoi scáth an phróisis pleanála teanga a chabhraíonn go díreach nó go hindíreach le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Is fiú a lua go bhfuil cistiú iomlán ar fiú €17 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn faoin gclár tacaíochtaí pobail sa phróiseas pleanála teanga.

Top
Share