Glactar le samhail na comhrialála sa reachtaíocht agus dá réir sin foráiltear go bhfuil gach institiúid ardoideachais freagrach go príomha as a cuid rialachais féin taobh istigh de chreat foriomlán feidhmíochta agus rialála don earnáil. Neartaíonn an tsamhail sin neamhspleáchas na n-institiúidí agus ceadaíonn sí do na hinstitiúidí a gcuid beartas agus a gcuid straitéisí féin a fhorbairt maidir le ceisteanna tábhachtacha amhail an Ghaeilge.
Bhí mé i mbun plé le Conradh na Gaeilge le déanaí faoin ábhar seo i gcomhthéacs Bhille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022. Tá deich gcinn de leasuithe beartaithe maidir le cur chun cinn agus forbairt na Gaeilge molta don Bhille, lena n-áirítear leasuithe ar Alt 33, ‘Straitéis don oideachas treasach’ agus Alt 34 ‘Pleanáil don soláthar ardoideachais’. Tugann siad sin aghaidh ar neartú na Gaeilge trí bheartas agus sa straitéis d’earnáil an oideachais threasaigh.
In 2020/21, bhí 57 cúrsa san Ard-Oideachais a bhí ag soláthar teagaisc sa Ghaeilge nó trí mheán na Gaeilge, agus 1,674 mac léinn orthu (6,283 ó 2016/17). San áireamh iontu sin tá cúrsaí i gcoláistí Oiliúna Múinteoirí, ach níl cúrsaí sa Léann Éireannach, i stair na hÉireann, sa bhéaloideas, agus sa cheol/damhsa san áireamh iontu. Tá 1,021 mac léinn eile ar cláraíodh go raibh an Ghaeilge á déanamh acu mar ábhar i 37 cúrsa eile (5,618 mac léinn ó 2016/17).
Tá na hinstitiúidí Ard-Oideachais neamhspleách, agus cinneann gach ceann acu cé acu cúrsaí Gaeilge a bheidh á dtairiscint acu. Cé go mbeidh mo Roinnse tiomanta d'fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcónaí, níl sé mar shainchúram orm treoir a thabhairt d’institiúid ardoideachais i dtaca leis na cúrsaí a bheidh á gcur ar fáil aici.