Skip to main content
Normal View

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Thursday - 10 March 2022

Thursday, 10 March 2022

Questions (415)

Éamon Ó Cuív

Question:

415. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an mbeadh sí sásta i bprionsabal deontas a chur ar fáil ó chistí oileánda na Roinne le haghaidh halla scoile ar oileán amach ón gcósta ó tharla go bhfuil ráite ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon mhaoiniú ag a Roinn do thionscadail dá leithéid faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13685/22]

View answer

Written answers

Is iad an tAonad Pleanála agus Tógála sa Roinn Oideachais atá freagrach as tógáil nó athchóiriú foirgnimh scoile, bíodh siad ar oileáin nó ar an mhórthír. Ní bheadh foirgnimh scoile cáilithe do mhaoiniú faoi aon scéim a riarann mo Roinn. 

Top
Share