Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 March 2022

Thursday, 24 March 2022

Questions (414)

Éamon Ó Cuív

Question:

414. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cad iad na céimeanna a bheidh i gceist le forbairt na Céibhe ag an gCaladh Mór in Inis Meáin; cad é an t-am measta a thógfaidh gach céim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15635/22]

View answer

Written answers

Tá forbairt an Chaladh Mhóir ar Inis Meáin san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Mar is eol don Teachta is faoi chúram Comhairle Contae na Gaillimhe atá Céim 3 d’fhorbairt na céibhe sin.

Bhí cruinniú ag oifigigh na Roinne le Comhairle Contae na Gaillimhe agus coiste áitiúil ar an 18ú Feabhra chun an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a phlé, chomh maith leis na céad céimeanna eile sa bplean forbartha.

Mar chuid lárnach den obair ullmhúcháin tá Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann (NMCI) ag forbairt macasamhail digiteach den ché agus an timpeallacht mhuirí sa chuan. Tá an Chomhairle Contae ag bailiú sonraíocht teicniúil na mbád a bhaineann úsáid as an gcé chun go mbeidh an t-ionsamhlú atá á fhorbairt chomh cruinn agus beacht agus is féidir. Tá súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích ag an NMCI, tástáil déanta air ag na bádóirí, agus aiseolas tugtha, faoi dheireadh mí Lúnasa.

Anuas air seo, tá suirbhéireacht bataiméadrach le déanamh sa chuan. Tá súil go mbeidh an obair sin déanta roimh dheireadh mhí Aibreáin, ach tá sé sin ag braith go mór ar aimsir agus cúinsí mara.

Beidh an Chomhairle Contae in ann cás gnó a dhréachtú bunaithe ar an eolas a bhéas mar thoradh ar an obair sin ar fad. Is ag an bpointe sin a bheas an Roinn ábalta measúnú a dhéanamh ar na céad céimeanna eile sa togra.

Top
Share