Skip to main content
Normal View

Ceadúnas Imill Trá agus Dobharshaothraithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 April 2022

Tuesday, 5 April 2022

Questions (393)

Éamon Ó Cuív

Question:

393. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén uair a aistreofar an fhreagracht maidir le hiarratais ar cheadúnais imeall trá a mheas, agus maidir leis na ceadúnais sin a eisiúint, chuig na húdaráis áitiúla; an gclúdófar ceadúnais le haghaidh feamainn a bhaint san aistriú seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18370/22]

View answer

Written answers

Tríd an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, (Acht MAP) a achtaíodh i mí na Nollag 2021, bunaítear córas nua pleanála muirí, a bhfuil Ráiteas Beartais Pleanála Muirí atá treoraithe ag an gCreat Náisiúnta Pleanála Muirí (NMPF) mar bhonn taca faoi, córas a bhfuil réisím nua bainistithe ceadúnaithe agus forbartha ón líne bairr láin chuig teorainn forimeallach scairbh ilchríochach an Stáit i gceist leis. Déanfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA), An Bord Pleanála (ABP) agus údaráis áitiúla an chósta an réisím nua seo a riar in am trátha.

Tiocfaidh an córas nua pleanála muirí in áit réisímí Stáit agus toilithe forbartha atá ann cheana (i.e. an córas urthrá atá ann cheana seachas freagrachtaí an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara) agus déanfar socruithe a shruthlíniú leis ar bhonn prionsabail toilithe aonair, i.e. toiliú stáit amháin (Toiliú an Limistéir Mhuirí) chun cead isteach sa Limistéar Muirí a thabhairt agus toiliú forbartha amháin (cead pleanála), agus measúnacht timpeallachta amháin leis.

Is é MARA a bhronnfaidh Toilithe Limistéir Mhuirí (MACanna). Go ginearálta, is é an t-údarás áitiúil ábhartha a chomhlíonfaidh freagracht toilithe forbartha i leith limistéir chósta laistigh de limistéar nua-ainmnithe cois cósta i.e. 3 muirmhíle chun farraige ón líne bairr láin. Beidh ABP freagrach as aicmí áirithe forbartha laistigh den Limistéar Muirí ar fad agus as ginearáltacht forbartha níos faide amach ná an limistéar cois cósta. Is é MARA a dheonóidh ceadúnais, lena n-áirítear ceadúnais a bhaineann le Baint Feamainne (beidh freagracht ar údaráis áitiúla fós i leith gníomhaíochtaí áirithe).

Leagtar amach leis an Acht MAP forálacha speisialta maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE) a shásaíonn an sainmhíniú ar “úsáid mhuirí ábhartha”. Á aithint dó go dtógfaidh sé am gníomhaireacht nua a bhunú, shocraigh an Rialtas gur cheart cumhachtaí teoranta a dheonú don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun fáilte a chur roimh iarratais MAC ar thionscadail ORE a shásaíonn an sainmhíniú ar “úsáid mhuirí ábhartha” go ceann tréimhse sonraithe roimh bhunú MARA. Á aithint dó go dtógfaidh sé am gníomhaireacht nua a bhunú, shocraigh an Rialtas gur cheart cumhachtaí teoranta a dheonú don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun fáilte a chur roimh iarratais MAC ar thionscadail ORE a shásaíonn an sainmhíniú ar “úsáid mhuirí ábhartha” go ceann tréimhse sonraithe roimh bhunú MARA. Beidh iarratas le déanamh ansin ar an gcead forbartha riachtanach ón mBord Pleanála faoin réisím nua i gcás tionscadal ar bith a shásóidh an sainmhíniú ar “úsáid mhuirí ábhartha” a mbronnfaidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide MAC air.

Is é an aidhm go mbeidh MARA ar an bhfód faoi R1 2023 agus, d’fhonn é seo a éascú, bunaíodh Aonad tiomanta laistigh de mo Roinn chun an Plean Cur Chun Feidhme a chur chun cinn leis an ngníomhaireacht nua seo a bhunú. Beidh obair ullmhúcháin chuimsitheach ag teastáil le linn na míonna atá romhainn chun cur ar chumas MARA tabhairt faoin réimse leathan feidhmeanna reachtúla a bheidh air i ndiaidh a bhunaithe. Áirítear ar an obair seo orduithe tosaigh feidhme a dhréachtú agus sraith rialachán agus treoirlínte reachtúla a ullmhú, mar aon leis na próisis a bheidh ag brath orthu sin a fhorbairt.

San idirlinn, déanfar freagracht as forbraíocht ar urthrá na hÉireann a rialú go fóill faoi fhorálacha an Achta Imeall Trágha, 1933, arna leasú. I mo cháil mar Aire, is mise an ‘tAire cuí’ chun críocha an Achta seo (ach amháin i gcás roinnt réimsí sonracha inarb é an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara an tAire cuí), agus leanfaidh mé orm ag glacadh le hiarratais ar léasanna agus ceadúnais urthrá, ag déanamh iad a mheas agus a dheonú / a dhiúltú faoin réisím urthrá go dtí go mbunófar MARA. Tar éis bhunú MARA, ní ghlacfar le hiarratais nua faoi réisím reatha toilithe Urthrá, ach tabharfar próiseáil iarratas atá idir lámha (e.g. iarratais iniúchta láithreáin etc.) chun críche.

Tháinig méadú suntasach ar líon agus ar chastacht na n-iarratas ar cheadúnais agus léasanna urthrá le dhá nó trí bliana anuas. Baineann an chuid is mó den ghníomhaíocht mhéadaithe seo le forbraíocht bhonneagair maidir le Fuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta (ORE), lena n-áirítear gníomhaíocht iniúchta ar láithreáin forbartha a d’fhéadfadh a bheith i gceist, forbairt cáblaithe Eirgrid, agus obair feabhsúcháin ar bhonneagar calafort. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar ghníomhaíocht feidhmithe cáblaí cumhachta agus teileachumarsáide mar gheall ar thionscadail tráchtála agus stát-treoraithe araon. Ag an am céanna, tá an próiseas breithmheasa ag éirí níos casta mar gheall ar chásdlí atá ag teacht chun cinn agus ceanglais bhreisithe a eascraíonn as Treoracha éagsúla maidir le measúnachtaí timpeallachta.

Le hocht mí dhéag anuas, tá níos mó ná dhá oiread ball foirne curtha ar fáil ag mo Roinn laistigh den Aonad Urthrá chun aghaidh a thabhairt ar an ualach oibre atá ag dul i méid. Ina theannta sin, tá painéal de shainchomhairleoirí timpeallachta seachtracha ag obair chun cuidiú le measúnú teicniúil a dhéanamh ar iarratais. Cé go bhfuilim sásta go bhfuil na hacmhainní cuí i bhfeidhm, tá fonn orm na socruithe a choinneáil faoi athbhreithniú nó go mbunófar MARA.

Faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, tabharfaidh MARA, in am agus i dtráth, faoi gach freagracht riaracháin agus gach feidhm bainistithe eastáit i ndáil leis an bpunann léasanna agus ceadúnas urthrá reatha chomh maith (níos mó ná 2,200).

Question No. 394 answered with Question No. 358.
Top
Share