Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 April 2022

Thursday, 7 April 2022

Questions (260)

Éamon Ó Cuív

Question:

260. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó ghrúpa (sonraí tugtha) atá ag lorg deontais le hathchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh le fada; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19017/22]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarratas faighte ag mo Roinn maidir leis an bhforbairt atá luaite ag an Teachta. Tá iarrtha agam ar mo chuid feidhmeannaigh an t-iarratas sin a scrúdú. Déanfar cinneadh ina leith sa tréimhse romhainn.

Top
Share