Skip to main content
Normal View

Forálacha Pinsin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 April 2022

Tuesday, 26 April 2022

Questions (605)

Éamon Ó Cuív

Question:

605. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta leis an bplé idir a Roinn agus an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe maidir leis an iarratas go n-aithneofaí tréimhse seirbhíse le Bord na Leabhar Gaeilge mar sheirbhís chun críche pinsin de chuid na seirbhíse poiblí ó freagraíodh ceist ar an ábhar seo go deireadh ar an 19/1/2022 (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21212/22]

View answer

Written answers

Mar a luaigh mé i mo fhreagra ar an ábhar seo níos túisce i mbliana, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar an gcás maidir le hiarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge agus a n-iarratas go n-aithneofaí a dtréimhse seirbhíse le Bord na Leabhar Gaeilge mar sheirbhís chun críche pinsin de chuid na seirbhíse phoiblí.  Tá mo Roinn fós ag plé na ceiste seo leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe féachaint an féidir teacht ar réiteach ina leith.

Top
Share