Skip to main content
Normal View

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 April 2022

Thursday, 28 April 2022

Questions (290)

Éamon Ó Cuív

Question:

290. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil sí sásta an deontas fostaíochta faoin gClár Seirbhísí Pobail (CSP) a ardú go 100% de na costais do chomhlachtaí atá ag feidhmiú ar na hoileáin de bharr na gcostas breise a bhaineann le gnó a reáchtáil ar oileán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21550/22]

View answer

Written answers

I láthair na huaire, tacaíonn an Clár um Sheirbhísí Pobail (CSP) le breis agus 420 eagraíocht pobail chun deiseanna áitiúla fostaíochta agus seirbhísí sóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta a chur ar fáil trí mhúnla fiontraíochta sóisialta.

Cuirtear maoiniú ar fiú €19,033 é ar fáil do gach post Comhionann Lánaimseartha (FTE) agus €32,000 do gach post bainisteora, má tá údar leis sin.  Níl an ranníocaíocht CSP ag teacht leis an bpá íosta agus ní chlúdaítear leis an gcostas iomlán tuarastail a bhaineann le poist a bhfuil tacaíocht leo, ach in ionad sin is ranníocaíocht cómhaoinithe bhliantúil í i dtreo chostas iomlán na bhfostaithe. Bheadh costas breise de €7 milliún in aghaidh na bliana i gceist dá gcuirfí ranníocaíocht an CSP ar aon dul le pá íosta na tíre chun ráta reatha an phá íosta atá ar €10.50 in aghaidh na huaire mar aon le ranníocaíocht ÁSPC an Fhostóra de 8.8% do na baill foirne sin a shásamh, méid nach bhfuil ar fáil faoi láthair.  Dá bhrí sin, ní mór don eagraíocht lena mbaineann ranníocaíocht an CSP a chómhaoiniú ó fhoinsí eile, mar shampla, ó ioncam a fuarthas as úsáid phoiblí a saoráidí agus a seirbhísí.

Thug Indecon International Economic Consultants faoi athbhreithniú neamhspleách ar an CSP sa bhliain 2020 thar ceann mo Roinne.  Foilsíodh tuarascáil Indecon ar an 30 Meán Fómhair 2020, agus ina dhiaidh sin thosaigh mo Roinn agus Pobal ar an obair chun an clár a athstruchtúrú, i gcomhar le Grúpa Comhairleach, a dhéanann ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara.

Mar chuid den obair leanúnach seo, déanfar athbhreithniú ar na rátaí maoinithe agus ar na critéir incháilitheachta.

Ina theannta sin, mar is eol don Teachta, tá mo Roinn ag forbairt polasaí oileánda agus pleananna gníomhaíochta gaolmhara. Beidh an polasaí agus na gníomhaíochtaí ó na pleananna seo dhá gcur i bhfeidhm chun tuilleadh feabhais a chur ar fhorbairt agus inmharantacht na bpobal ar ár n-oileáin. Táthar ag súil go bhfoilseofar an polasaí agus na pleananna gníomhaíochta níos déanaí i mbliana.

Top
Share