Skip to main content
Normal View

Cruinnithe an Aire

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 May 2022

Thursday, 5 May 2022

Questions (22)

Catherine Connolly

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceisteanna Parlaiminte 10295/22 agus 2836/22, cad é stádas an ghasra oibre; soiléiriú a thabhairt ar na téarmaí tagartha; cad é dáta an chéad chruinniú den ghrúpa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22178/22]

View answer

Written answers

Mar a mhínigh mé don Teachta i mo fhreagra ar Cheist 101 ar 23 Feabhra, tá mo Roinn ag obair i dtreo grúpa oibre a bhunú faoi chathaoirleacht mo Roinne a bheidh ag obair ar leas tuismitheoirí Gaeltachta atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge nó ar mhian leo sin a dhéanamh. Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an phróisis pleanála teanga a dhéanfar é sin.

Mar a chur mé in iúl sa bhfreagra sin, tá obair ullmhúcháin ina leith ar bun ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair i dtreo an chéad chruinniú a ghairm go luath.

Le bunú an ghrúpa nua a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó, tabharfar páirtithe leasmhara le chéile lena n-áirítear ionadaíocht ó na hOifigigh Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile de réir mar is cuí. 

Beidh sé mar phríomh-chuspóir ag an gcur chuige seo trí chéile  tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus comhoibriú agus comhpháirtíocht a chothú i measc na bpáirtithe éagsúla atá ag feidhmiú ar an talamh faoi scáth an phróisis le cúnamh airgeadais mo Roinne.

Ar bhonn ginearálta, níor mhiste a lua gur cheadaigh mo Roinn ciste €1.6m don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh chun cur ar a gcumas clár trí bliana ar leas teaghlaigh Gaeltachta a chur chun feidhme. Comhthreomhar leis sin, cuirtear maoiniú reatha ar fáil i leith réimse leathan gníomhaíochtaí lena n-airítear réimse na luathbhlianta agus na n-ealaíon traidisiúnta, atá ar leas foriomlán cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Tugtar léargas níos iomláine ar na tacaíochtaí seo ar fad sa dara tuairisc bhliantúil ar fheidhmiú Phlean Gníomhaíochtaí 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus a bhfuil fáil air ar shuíomh na Roinne.

Top
Share