Táim ar an eolas faoin sárú ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021 atá luaite ag an Teachta.
Tá sé tráthúil a rá gur faoin gCoimisinéir Teanga atá sé monatóireacht a dhéanamh ar fhorleanúint comhlachtaí poiblí d'fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021. I measc na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga, tá monatóireacht le déanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha na n-Achtanna á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí; imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin ar iarratas ón Aire nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon daoine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla; tuarascáil a ullmhú faoi gach imscrúdú; comhairle a chur ar fáil don phobal maidir le neart na teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgas teanga faoin Acht; agus tuarascáil bhliantúil faoi ábhair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire le cur os comhair Thithe an Oireachtais.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá curtha leo siúd trí leasú a thugann cumhacht don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla chomhlachtaí poiblí.
Pléadh an cheist maidir le fíneálacha a thabhairt isteach nuair a bhí an reachtaíocht nua á plé i dTithe an Oireachtais anuraidh ach níor cuireadh san áireamh iad san Acht.