Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 May 2022

Thursday, 5 May 2022

Questions (37)

Catherine Connolly

Question:

37. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte 10318/22, cathain a chríochnófar an tríú gné den obair athbhreithnithe atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22177/22]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, agus ceisteanna faoin ábhar seo á bhfreagairt roimhe seo le gairid, tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil cinneadh déanta acu taighde breise a dhéanamh ar riachtanais na bhfostaithe sna cliantchomhlachtaí ó thaobh cothú na Gaeilge de.  Beidh sonraí an taighde sin á n-áireamh ag an Údarás ina chur chuige i leith na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do na cliantchomhlachtaí le tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó.

Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh an taighde críochnaithe go hiomlán faoi dheireadh an fhómhair.

Top
Share