Skip to main content
Normal View

Reachtaíocht Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Questions (1)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nár cuireadh tús le feidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go fóill; cén dáta faoina mbeidh feidhm ag an Acht; cén dáta faoina mbeidh an Coiste Comhairleach bunaithe; agus cén dáta faoina mbeidh na caighdeáin teanga forordaithe de réir an Achta. [32440/22]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire cén fáth go bhfuil moill le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a ritheadh sa Teach seo roimh Nollaig anuraidh agus a sínigh an tUachtarán ar an 21 Nollaig 2021. Dúradh linn ag an am go mbeadh feidhm iomlán leis an reachtaíocht seo agus is léir nach bhfuil.

Mar is eol don Teachta, síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ina dhlí i mí na Nollag anuraidh.

Ó shin i leith táim féin agus oifigigh mo Roinne ag obair chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil. Ní gá a rá, dar ndóigh, nach dtarlóidh sé seo thar oíche. Is tionscadal fadtéarmach é seo agus ag croílár na n-iarrachtaí ina leith, beidh taighde cuimsitheach le cur i gcrích agus de dheasca an taighde sin beidh plean náisiúnta i leith soláthar seirbhís poiblí trí mheán na Gaeilge le forbairt agus le foilsiú. Is é seo a leanas achoimre ar an méid atá déanta ó thaobh fheidhmiú an Achta 2021 go dtí seo. Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i gcáinaisnéis 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d’Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn anois.

Níor mhiste a lua gur togra uile-Rialtais é seo agus go mbeidh dualgais orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú. Chuige sin, scríobh mo Roinn chuig comhlachtaí poiblí níos luaithe i mbliana chun a n-aird a tharraingt ar an Acht nua agus ar na príomhspriocanna atá san áireamh ann. Ó thaobh feidhme a thabhairt d’fhorálacha sonracha an Achta, ba é an phríomhthosaíocht a bhí agam go dtí seo ná an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge a bhunú. Beidh ról lárnach ag an gcoiste i gcur chuige comhordaithe a stiúradh chun a chinntiú go n-earcófar líon dóthanach pearsanra le Gaeilge chun seirbhísí a sholáthar. Nochtfar ballraíocht an choiste chomhairligh ar an lá bunaithe, a bheidh le fógairt an tseachtain seo.

I measc phríomhfhorálacha an Achta nua, beidh sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge. Tá an fhoráil úd leagtha amach ag alt 10A den Acht. Chuige sin, tá beartaithe agam ordú um thosach feidhme na forála seo a shíniú ar an 3 Deireadh Fómhair 2022 chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022. Tá scríofa agam go pearsanta chuig mo chomhghleacaithe Rialtais chun an méid atá beartaithe a chur in iúl dóibh. B'fhéidir go mbeidh seans agam an freagra a chríochnú ina dhiaidh don Teachta Ó Snodaigh a chuid a rá.

Thuig mé i gcónaí nach thar oíche a tharlódh seo ná an plean náisiúnta. Rinneamar dul chun cinn mór nuair a rinneamar an reachtaíocht a aontú anseo agus nuair a rinne an tUachtarán é a shíniú.

Dúirt an tAire Stáit ansin go mbeidh an coiste comhairleach ann go gairid. Is trua an moill seo. Mar is cuimhin leis an Aire Stáit, sa díospóireacht dúirt muidne trí mhí agus dúirt sé féin sé mhí ach go mbeadh an coiste ann roimh dheireadh na tréimhse sin. Ar a laghad, beidh sé le fógairt i gceann seachtaine. Dúirt sé freisin gur scríobh sé chuig na comhlachtaí Stáit agus a chomhghleacaithe, na hAirí eile. Tá dul chun cinn á dhéanamh ansin. Tá mé tar éis a bheith ag díospóireacht leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta mar gheall ar an reachtaíocht ardoideachais agus leis an Aire Stáit, an Teachta Noonan, faoi reachtaíocht a bhaineann leis an gcoimisiún toghcháin. Ghlac siadsan le roinnt den bhunús atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla ach níl an tAire Dlí agus Cirt ag glacadh leis an méid atá sa reachtaíocht sin. Iarraim ar an Aire Stáit rá léi, sula dtagann sí os comhair na Dála lena reachtaíocht féin ar Chéim na Tuarascála, go gcaithfidh sí cloí leis an Acht.

Maidir le tosach feidhme d’alt 16, a dhéanann leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe, 1976, tá beartaithe agam ordú um thosach feidhme na forála seo a shíniú ar an 9 Meán Fómhair 2022, chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 12 Meán Fómhair 2022.

Leagtar amach feidhmeanna sonracha an choiste chomhairligh san Acht, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú laistigh de dhá bhliain ó bhunú an choiste. Mar dúirt an Teachta, beidh mé in ann an coiste a fhógairt an tseachtain seo. Tá ullmhú an phlean náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach, sé sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030. Mar chuid den phlean, beidh spriocdháta á shocrú faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Gaeilge, rud atá á éileamh ag pobail Ghaeltachta le blianta fada anuas. Chuige sin, tá na próisis chuí sa tsúil ag oifigigh mo Roinne chun, mar chéad chéim, léirithe spéise a lorg ar an taighde a bheidh le coimisiúnú chun an plean náisiúnta a chur i dtoll a chéile. Beidh téarmaí tagartha sonracha don taighde le haontú ag an gcéad chruinniú den choiste comhairleach sna seachtainí amach romhainn, agus iarratas ar thairiscint le fógairt go luath san fhómhar. Tá oifigigh mo Roinne, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, i mbun sraith seimineár faisnéise a eagrú ar líne ag deireadh mhí Iúil ar mhaithe le comhairle a chur ar eagrais Stáit i dtaobh a ndualgais nua faoin Acht.

Dar ndóigh, beifear ag leanúint le feidhm a thabhairt d’ailt agus forálacha eile an Achta ar bhonn céimiúil, an fhoráil a bhaineann leis na caighdeáin teanga san áireamh. Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh na teanga a chaomhnú do na glúnta amach romhainn. Tagann forálacha an Achta le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus le hí a chur chun cinn.

Aontaím leis an méid atá an tAire Stáit ag rá. Caithfimid cinntiú nach dtarlóidh aon mhoilleadóireacht agus nach gcaillfidh muid mí i ndiaidh mí toisc cruinnithe coiste nó a leithéid. Tá dúshlán mór roimh an Stát. Má tá moilleadóireacht ann ag an staid seo, beidh muid mall ag comhlíonadh na ndúshlán móra atá roimh an státchóras ina iomláine ó thaobh earcaíochta de agus ó thaobh gach rud eile agus na seirbhísí a bheith ar fáil.

Ceist a bhaineann leis seo ná ceist na gcaighdeán. Le linn na díospóireachta, bhí muid ag lorg go mbeadh na caighdeáin, nó dréacht-chaighdeáin ar a laghad, leagtha amach. Cén uair a shíleann an tAire Stáit go mbeidh siad leagtha amach, ionas go mbeidh a fhios againn ar fad cén tslat tomhais a bheidh á úsáid ag na comhlachtaí Stáit nó na Ranna Stáit maidir leis na seirbhísí a bheidh siad ag cur ar fáil dúinn ar fad trí Ghaeilge amach anseo?

Mar a dúirt mé, beifear ag leanúint le feidhm a thabhairt d’ailt agus forálacha eile an Achta ar bhonn céimiúil agus an fhoráil a bhaineann leis na caighdeáin teanga san áireamh. Beidh an coiste comhairleach ann an tseachtain seo, beidh cruinnithe ann, agus beimid ag obair ar an taighde maidir leis an bplean náisiúnta ina dhiaidh sin. Beimid in ann na céimeanna eile a chur i bhfeidhm freisin agus tríd an bhliain seo beimid ag déanamh go leor oibre ar an ábhar seo.

Top
Share