Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Questions (14)

Mairéad Farrell

Question:

14. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta maidir le toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32450/22]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire Stáit cén dul chun cinn atá déanta maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta.

Mar is eol don Teachta, luaitear i gclár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Faoi réir na bhforálacha ábhartha de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, arna leasú faoi Acht na Gaeltachta, 2012, is saolré cúig bliana atá ag boird an údaráis. Ós rud é gur ceapadh an bord reatha i mí Eanáir 2018, tiocfaidh deireadh lena shaolré i mí Eanáir 2023. Is é seo an dara bord atá ceaptha faoi na socruithe reatha réamhluaite.

Faoin socrú reatha, déantar ceapacháin chuig bord an údaráis ar dhá bhealach. In ionad toghcháin dhíreacha a reáchtáil, déantar ainmniúcháin chuig an mbord ó na húdaráis aitiúla a bhfuil limistéar Gaeltachta ina gceantair feidhme. Chomh maith leis sin, féachtar chuige, trí cheapacháin na seachtar comhalta eile a thagann tríd an gcóras a ndéanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a riar, go bhfuil daoine leis an saineolas agus na scileanna ábhartha cuí á roghnú don chúram, rud atá ar leas foriomlán an údaráis agus na pobail a ndéanann sé freastal air mar fhoras Stáit.

O tharla go mbeidh tréimhse an bhoird reatha caite in Eanáir 2023, ta sé tráthúil go ndéanfaí athbhreithniú den chineál atá beartaithe anois. Tá an oiread sin athruithe tagtha ar chlár oibre na heagraíochta ó 2012 i leith, lena n-áirítear feidhmiú an phróisis pleanåla teanga a bhfuil a rath ag brath ar ionchur agus glór leanúnach a bheith ag an bpobal ón mbonn aníos. I dtaca leis seo, aithnítear go bhféadfadh cur chuige malartach a bheith tráthúil då mbeadh próiseas ní ba daonlathaí agus cur chuige leasaithe i leith comhdhéanamh agus próiseas roghnúcháin-toghcháin an bhoird.

Mar is eol don Teachta, rinneadh dhá iarracht faoi leith faoi scáth an Oifig um Sholáthar Rialtais ar iarratas mo Roinne chun sainchomhairleoireacht a aimsiú don chúram trí chomórtas tairisceana. Is cúis díomá é nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh na gcomórtas seo. Tå mo Roinn i mbun próiseas féin sholáthair faoi láthair chun sainchomhairleoireacht a cheapadh don tasc. Táthar ag súil leis go gceapfar sainchomhairleoireacht don chúram gan rómhoill.

Is é an cuspóir trí chéile a chinntiú go mbeidh fáil ag an údarás ar an saineolas, na scileanna agus an t-ionchur pobail ábhartha agus cuí atá de dhíth ionas go mbeidh an bord in ann tacú le feidhmeannas an údaráis a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach, ar leas na pobail Ghaeltachta a ndéanann an t-údarás freastal orthu.

Is í an cheist a cuireadh i ndáiríre ná cén uair a bheidh sé seo ar fad déanta. Tuigim na deacrachtaí a bhí ag an Roinn maidir leis an athbhreithniú ach is dócha go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a cheapann go bhfuil a fhios acu céard ba chóir go mbeadh ag teacht amach as an athbhreithniú sin agus a chreideann go dteastaíonn toghchán le haghaidh bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá cúpla ceist agam i gcomhair an Aire Stáit. Tuigim go bhfuil sé ag rá go bhfuil píosa oibre le déanamh maidir le téarmaí sainchomhairleachta a cheapadh. Cén uair a bheidh sé sin déanta mar ní raibh sé sin soiléir dom?

Is í an cheist eile ná cé chomh fada is a thógfaidh an t-athbhreithniú tar éis gur ceapadh iad sin. Má táimid ag caint ar thoghchán bhord Údarás na Gaeltachta, caithfimid é sin agus aon athbhreithniú a dteastaíonn uainn a dhéanamh láithreach. Más rud é go mbeidh toghcháin ann, is dócha go gcaithfear iad a bheith ann chomh luath agus gur féidir. Teastaíonn soiléireacht ó mhuintir na Gaeltachta.

Ba mhaith liom a rá i dtús báire go raibh próiseas comhairliúcháin phoiblí ann freisin. Tá na freagraí sin ag mo Roinn cheana féin agus tá m’oifigigh ann ag obair ar an gceist seo. Bhí go leor daoine i dteagmháil leis an Roinn chun an cheist seo a phlé agus tá an obair seo déanta. Bhí go leor fadhbanna againn leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun tús a chur leis an bpróiseas seo. Tá an próiseas seo á dhéanamh i mo Roinn féin agus tá súil agam go mbeimid in ann é a thosú chomh luath agus is féidir. Bhíomar ag dul tríd an bpróiseas atá ann leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freisin. Tá súil agam go mbeimid in ann an próiseas a thosú. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe. Beidh an Roinn ag obair ar an athbhreithniú seo le linn an tsamhraidh agus tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe ag druidim le Meán Fómhair nó roimh an geimhreadh.

Tá sé sin go hiontach. Ní raibh sé iomlán soiléir sa chéad fhreagra a thug sé. Tá sé sin go maith. Sílim go mbeidh muintir na Gaeltachta sásta a chloisteáil go bhfuil amlíne de chineál éigin ann.

Tá ceist amháin agam ionas go dtuigfidh mé i gceart é. Dúirt an tAire Stáit sa chéad fhreagra a thug sé go raibh fadhb ann sainchomhairleoireacht a cheapadh. Tá an próiseas inmheánach nó an próiseas comhairliúcháin poiblí críochnaithe agus tá an Roinn ag oibriú ar seo anois. Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin. Beidh an obair sin á dhéanamh i rith an tsamhraidh. Céard go díreach atá ag teastáil anois? An bhfuil aon cheapachán eile ag teastáil nó an é sin an próiseas atá le dhéanamh sa Roinn go dtí go mbeidh tuairisc á chur amach? Mar is eol don Aire, tá súil agam go mbeidh toghchán ann ina dhiaidh sin.

Tá mo Roinn i mbun próisis féinsholáthair faoi láthair chun sainchomhairleoireacht a ceapadh don tasc. Táthar ag súil go gceapfar sainchomhairleoireacht don chúram seo gan mórán moille. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe ag an Roinn. Nuair a bhíomar ag dul tríd an bpróiseas eile, bhí an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe agus an athbhreithniú a dhéanamh freisin.

Beidh an t-athbhreithniú á dhéanamh ag lucht an saincomhairleoireachta. Tá súil agam go mbeimid in ann é a dhéanamh le linn an tsamhraidh agus go mbeidh sé críochnaithe roimh an gheimhridh. Tá trí nó ceithre mhí againn chun é dhéanamh agus beimid in ann an athbhreithniú a fhoilsiú ina dhiaidh sin. Beidh an tAire, an Teachta Martin, agus mé féin in ann an struchtúr nua a phlé i ndiaidh na hathbhreithnithe.

Is féidir teacht ar Cheisteanna Scríofa ar www.oireachtas.ie .
Written Answers are published on the Oireachtas website.
Top
Share