Skip to main content
Normal View

Coláistí Samhraidh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Questions (19)

Catherine Connolly

Question:

19. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbunóidh sí gasra oibre chun straitéis a chur chun cinn maidir le todhchaí na gcoláistí samhraidh [32226/22]

View answer

Written answers

I dtús báire, níor miste dom a rá go bhfuil áthas mór orm go bhfuil córas na gcoláistí Gaeilge faoi lán-seol arís an samhradh seo. Is ardú croí é scoláirí dara agus triú leibhéal ó fud fad na tíre ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ó cheann ceann na Gaeltachta le cabhair shuntasach mo Roinne faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Mar is eol don Teachta, tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

I dteannta leis an gcistíocht shuntasach in iomlán arbh fhiú €8m é a chuir mo Roinn ar fáil leas an chórais anuraidh agus arú anuraidh beidh a fhios ag an Teachta gur cheadaigh mé trí bheart faoi leith eile i mbliana ar leas an chórais:

- Cheadaigh mé ardú 10% sa deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar chostas tuairim is ceithre céad míle euro (€400,000). Cabhróidh sé seo gan amhras le hiarrachtaí na gcoláistí teaghlaigh a choinneáil agus a mhealladh.

- Anuas ar sin cheadaigh mé ciste faoi leith ar fiú ceithre céad míle euro eile (€400,000) chun go mbeidh an deis ag suas le ceithre céad scoláire (400) ó iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht.

- Lena chois sin uile ceadaíodh gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná 3 oíche faoin scéim mar bheart eisceachtúil don bhliain seo amháin. Rinneadh é seo chun cabhrú tuilleadh le téarnamh na hearnála. Tabharfaidh an beart faoi leith sin deis bhreise do scoláirí a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht le dhá bhliain anuas de bharr COVID-19.

Is fiú c. €800,000 na bearta seo ionann le maoiniú ós cionn €5m ar fad agus ardú c. 20% ar an gcistíocht a cheapfar a chaithfear i mbliana ar leas na gcoláistí - ceann de na harduithe is suntasaí a ceadaíodh in aon bhliain amháin ó bunaíodh scéim na Roinne caoga bliain ó shin, mura bhfuil sé ar an méadú is airde. Níl aon fhianaise ann nach bhfuil ag éirí go maith leis na tacaíochtaí seo go nuige seo.

Ach an oiread le gach réimse eile atá faoi mo chúram mar Aire Stáit na Gaeltachta, coinneoidh mo Roinn cás na hearnála faoi bhreithniú agus tapófar an deis san fhómhar, nuair atá cúrsaí an tsamhraidh thart, cíoradh a dhéanamh, de réir mar is gá ar an scéal trí chéile i gcomhar le páirtithe leasmhara de réir mar is gá.

Top
Share