Skip to main content
Normal View

Cumarsáid Aireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Questions (232)

Catherine Connolly

Question:

232. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceisteanna Pharlaiminte 22178/22, 10295/22 agus 2836/22, stádas an ghasra oibre; soiléiriú a thabhairt ar na téarmaí tagartha; dáta an chéad chruinnithe den ghrúpa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32470/22]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go mbeidh an chéad chruinniú den ghrúpa oibre ar thagair sí dó ina ceist go gairid.

Mar a chur mé in iúl roimhe seo, i measc na bpríomhchuspóirí atá ann le bunú an ghrúpa seo ná tuilleadh comhoibrithe, comhthuisceana agus comhpháirtíochta a chothú i measc páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le seachadadh tacaíochtaí do theaghlaigh Ghaeltachta atá, nó ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge.

Aithnítear gur ar leas foriomlán na Gaeilge agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht a bheidh sé seo uile. 

Top
Share