Skip to main content
Normal View

Limistéir Pleanála Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Questions (5)

Catherine Connolly

Question:

5. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán stádas an ghasra oibre bunaithe ag a Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun beartas maidir le pleanáil sa Ghaeltacht a phlé; soiléiriú a thabhairt ar ról a Roinne sa ghasra; an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt ar obair an ghasra go dtí seo; líon na n-uaireanta ar chas an grúpa go dtí seo lena chéile; agus an dtógtar miontuairiscí maidir le cruinnuithe an ghasra [32569/22]

View answer

Oral answers (6 contributions) (Question to Tourism)

Is ceist dhíreach atá agam arís. Baineann sé le stádas an ghasra oibre a bhunaigh Roinn an Aire agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun beartas maidir le pleanáil sa Ghaeltacht a phlé. An dtabharfaidh an tAire Stáit soiléiriú ar ról na Roinne sa ghasra agus an fhaisnéis is deireanaí ar obair an ghasra go dtí seo? Cad é líon na n-uaireanta a chas an grúpa le chéile go dtí seo? Cad é an scéal maidir le miontuairiscí ó thaobh na gcruinnithe sin?

Mar is eol don Teachta, is ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. Faoi réir alt 10(2)(m) den Acht sin, is gá go ndéanfadh plean forbartha cúram do chosaint oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha. Thionóil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta grúpa oibre i mí na Bealtaine 2021 chun gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála sa Ghaeltacht a scrúdú. Tá an grúpa seo comhdhéanta d'ionadaithe ó mo Roinn, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Údarás na Gaeltachta agus an t-ocht údarás áitiúla ábhartha. Is cruinniú amháin den ghrúpa seo atá eagraithe go dáta. Chun tacú leis an obair atá ar bun agus chun dlús a chur leis, tá oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ó mo Roinn féin agus ó Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhar lena chéile chun cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn.

Ceann de na príomhaidhmeanna atá ag an ngrúpa idir-rannach ná córais a chur i bhfeidhm, de réir mar is cuí, chun cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach a chothú do na húdaráis áitiúla mar a bhaineann sé leis an gcóras pleanála sa Ghaeltacht a bhainistiú. Tá an grúpa idir-rannach ag scrúdú conas a d’fhéadfaí cleachtais reatha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a neartú ar mhaithe le leas iomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe agus polasaí pleanála cuí a bheith i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist go ndéanfaidh an polasaí seo an soiléiriú agus treoir a chur ar fáil maidir le conas gur fearr comhsheasmhacht agus cothromaíocht an córas pleanála a fheabhsú, stádas na Gaeilge a chosaint sa Ghaeltacht agus cúnamh a sholáthar do na húdaráis áitiúla ábhartha.

Tionóladh an cruinniú is déanaí den ghrúpa idir-rannach ar an 24 Bealtaine 2022 in oifigí mo Roinne sna Forbacha. San iomlán, tháinig na Ranna le chéile sé huaire ó mhí Feabhra 2021. Is é an cleachtas reatha go nglactar miontuairiscí ag cruinnithe den ghrúpa idir-rannach de ghnáth.

Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil práinn le beartais agus treoirlínte ó thaobh cúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála. Tá cathaoirleach an choiste Gaeilge anseo. Tá an coiste sin ar tí tuarascáil a fhoilsiú maidir leis na pleananna. Bhí sé soiléir ó na heagraíochtaí a tháinig os ár gcomhair, na rialtais áitiúla ina measc, nach bhfuil beartais á dhéanamh. Ar a laghad, tá easpa tuisceana ag na húdaráis áitiúla ó thaobh cad atá i gceist le plean forbartha. Tá sé leagtha amach go sonrach i dtuarascáil bhliantúil an Coimisinéir Teanga go bhfuil fadhbanna i gCiarraí agus i gContae na Mí. Cheap sé gur díol suntais é go raibh gasra oibre bunaithe.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a bhfreagra ach cuireann sé iontas orm. Tá dhá rud i gceist. Tá grúpa oibre ann. Cuireadh tús leis an ngrúpa sin i mí na Bealtaine na bliana seo caite ach ní raibh ann ach cruinniú amháin. Chomh maith leis sin, tá an grúpa idir-rannach ann agus bhí níos mó cruinnithe ag an ngrúpa sin. Cad é an ceangal idir an dá rud - an grúpa oibre, nach raibh aige ach cruinniú amháin agus an córas eile atá ar siúl?

Mar a dúirt an Teachta, tá an cheist seo an-tábhachtach don Ghaeltacht agus chun treoirlínte nua a chruthú. Beidh treoirlínte nua ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus beidh sé freagrach as an gceist seo. Tá siad ag déanamh go leor oibre. Tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis na hoifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an t-am ar fad chun an cheist seo a phlé. Tháinig na Ranna le chéile sé huaire ó mhí Feabhra 2021. Tá polasaí pleanála don Ghaeltacht á hullmhú ag an ngrúpa a chuirfidh béim ar an bpróiseas chun iarratas pleanála a dhéanamh sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh sé seo mar struchtúr agus treoir d’údaráis áitiúla agus iad ag bainistiú iarratais sa Ghaeltacht. Tá sé mar sprioc ginearálta ag an ngrúpa idir-rannach go mbeidh córas aontaithe i bhfeidhm a chinnteoidh cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach chun stádas na Gaeilge a chinntiú sa chóras pleanála.

Tá a fhios ag an Aire Stáit nach bhfuil an córas ag feidhmiú do dhaoine atá ag lorg cur fúthu sna Gaeltachtaí. Tá géarchéim ann. I gCeantar na nOileán, mar shampla, an rud is iontaí ná an méid tithíochta atá folamh agus tréigthe. Chomh maith leis sin, níl daoine in ann cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. An rud atá ag teastáil go géar ná treoirlínte, polasaithe agus beartais. Cheap mé, mar bhall den choiste, go raibh sé sin ag tarlú ar bhonn práinneach, ach tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil. Níor tháinig an grúpa oibre sin le chéile ach uair amháin. Tá breis agus bliain caite agus níor tháinig siad le chéile ach uair amháin. An bhfuil cinneadh déanta le fáil réidh leis an ngrúpa oibre anois? An bhfuiltear ag díriú isteach ar an gcoiste idir-rannach? Cad atá ag tarlú? An bhfuil dáta ar leith ann go mbeidh beartais agus treoirlínte le feiceáil againn?

Aontaím leis an Teachta. Bím i dteagmháil le go leor daoine sa Ghaeltacht, ina Dáilcheantar féin agus ar na hoileáin. Níl an córas ag obair ag an am seo. Sin an fáth go bhfuil struchtúr ann, idir mo Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le chéile. Mar pháirt den struchtúr sin, bhí sé chruinniú idir na Ranna. Bíonn m’oifigigh i dteagmháil leis na hoifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an t-am ar fad.

Aontaím go bhfuil an cheist seo an-phráinneach. Tá sé tábhachtach go bhfuil na treoirlínte ceart agus go mbeidh réiteach ann chun na fadhbanna a fheabhsú maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Beidh dáta ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus tá mo Roinn féin i measc an phróisis seo chun réiteach a chruthú.

Top
Share