Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Questions (62)

Aindrias Moynihan

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt gteic ar shuíomh Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32195/22]

View answer

Written answers

Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta dom go bhfuil dul chun cinn maith déanta le forbairt Coláiste Íosagáin;  Tuigtear go bhfuil infheistíocht ar fiú €1.2m é déanta ar an láthair chun an suíomh a ghlanadh, chun na bunseirbhísí agus infreastruchtúir a chur in áit agus chun réamhoibreacha a thabhairt chun críche a bheidh mar bhunchloch na forbartha amach anseo. Tá críoch curtha leis an gcéim forbartha seo anois.

Tugadh cead pleanála don chéim forbartha (Mol digiteach réigiúnach) i mí Deireadh Fómhair 2020. Le linn don obair thaighde theicniúil a bheith á chríochnú ar an struchtúr i mí Iúil 2021, aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh. Ag eascairt as an sainchomhairle theicniúil agus tar éis do phlean agus cur chuige na hoibre a bheith aontaithe leis an Údarás Pleanála, aontaíodh ar an riachtanas maidir le cuid den struchtúr seo a leagadh agus áiseanna nua a fhorbairt ina áit.

Faoi réir na socruithe i ngeall ar chostas agus maoiniú an chéim fhorbartha seo a bheith aontaithe, tuigtear don Roinn go bhfuil i gceist an cead pleanála a leasú d’fhonn freastal ar na riachtanais nua seo trí iarratas nua pleanála a chur faoi bhráid an Údaráis Pleanála. Táthar ag súil dul ar aghaidh leis an iarratas pleanála seo gan mhoill.

Tuigtear don Roinn chomh maith go bhfuil Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta bunaithe ag an Údarás chun treo straitéiseach a thabhairt don togra trí chéile.

Top
Share