Tá Rannán na Gaeltachta i mo Roinn ag tacú leis an Taibhdhearc le fada an lá agus tá soláthar reatha €320,000 ar fáil don amharclann don bhliain 2022. Chomh maith leis sin, cuireadh soláthar caipitil ar fáil don amharclann in imeacht na mblianta. Mar áis don Teachta, seo a leanas tacaíocht na Roinne le deich mbliana anuas:
Taibhdhearc na Gaillimhe
|
|
|
Bliain
|
Reatha
|
Caipiteal
|
2012
|
€ 323,920.00
|
€ 189,162.00
|
2013
|
€ 323,920.00
|
€ 85,000.00
|
2014
|
€ 307,276.00
|
|
2015
|
€ 320,000.00
|
|
2016
|
€ 320,000.00
|
|
2017
|
€ 320,000.00
|
|
2018
|
€ 320,000.00
|
|
2019
|
€ 345,000.00
|
|
2020
|
€ 273,392.00
|
€ 38,236.00
|
2021
|
€ 384,585.00
|
€ 38,236.00
|
2022
|
€ 106,667.00
|
|
Iomlán
|
€ 3,344,760.00
|
€ 350,634.00
|
Is léir go bhfuil an Roinn oscailte do bhealaí difriúla chun tacú leis an amharclann a stiúradh agus a mhaoiniú. Mar shampla, sa bhliain 2021, aontaíodh conradh idir an Roinn, Fíbín Teo agus Bord na Taibhdheirce chun cúram a dhéanamh de bhainistíocht na hamharclainne.
Tá an Chomhairle Ealaíon neamhspleách ar an Roinn agus níl aon ról ag an Aire maidir le cinntí maoinithe a dhéanann an Chomhairle, dá bharr. Tá réimse oibre fíorleathan idir lámha ag Rannán na Gaeltachta de chuid mo Roinne agus cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do réimse leathan tionscadal bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil ag an am agus na héilimh éagsúla ar an airgead sin.
Chuir bord na Taibhdheirce in iúl do mo Roinn le gairid go bhfuil sé ar intinn aige méadú suntasach ar mhaoiniú a lorg ón Státchiste. Tá oifigigh mo Roinne ar fáil i gcónaí chun cúrsaí maoinithe a phlé agus comhairle a chur ar an mbord maidir leis an gceist seo.