Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 September 2022

Wednesday, 28 September 2022

Questions (131)

Catherine Connolly

Question:

131. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Parlaiminte Uimhir 76 den 21 Meitheamh 2022, cad é líon na n-uaireanta a tháinig an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge le chéile go dtí seo; an dtógtar miontuairiscí i gcruinnithe an choiste; cathain a bheidh an chéad chruinniú eile ann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47601/22]

View answer

Written answers

Faoi fhorálacha ábhartha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, rinneadh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú ar an 20 Meitheamh 2022. Is ar ullmhú an chéad Phlean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge atá obair an choiste dírithe go príomhúil faoi láthair chun a chinntiú go ndéanfar é seo a chur i gcrích roimh an spriocdháta de 19 Meitheamh 2024.

Tháinig an Coiste le chéile faoi dhó go dtí seo, ar Aoine an 25 Iúil 2022 agus Aoine an 26 Lúnasa 2022. Déantar miontuairiscí a thógáil ag cruinnithe an choiste agus tá fáil ar mhiontuairiscí an chéad chruinnithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne faoin leathanach tiomnaithe don Choiste Comhairleach agus a chuid oibre. Déanfar miontuairiscí an dara chruinnithe a uaslódáil ar an suíomh chomh maith agus iad aontaithe ag comhaltaí an choiste ag a gcéad chruinniú eile.

Tá beartaithe go dtiocfaidh an Coiste le chéile arís i mí Dheireadh Fómhair agus an próiseas soláthair don taighde a choimisiúnaigh sé ag deireadh mhí Lúnasa i leith ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge curtha i gcrích.  Tá cistiú de €325,500 ar fáil don tionscadal seo agus is conradh bliana atá beartaithe leis chun a chinntiú go gcloínn an Coiste leis an spriocdháta uaillmhianach atá leagtha síos faoin Acht d’ullmhú an Phlean ina iomláine.

I measc tosaíochtaí an taighde, beidh:

- na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge mar atá faoi láthair a aithint agus moltaí a thabhairt faoina bhféadfaí dul i ngleic leo seo;

- na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) a aithint agus moltaí a thabhairt faoina bhféadfaí a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe i LPT agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge;

- staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge san earnáil phoiblí a aithint; agus

- moltaí a dhéanamh maidir le hearcú dhaoine le Gaeilge.

Is í an Aoine bheag seo an spriocdháta atá leis an bpróiseas soláthair don taighde seo agus tá comhalta den choiste mar bhall den choiste measúnaithe tairisceana atá le tionóil go gairid ina dhiaidh sin chun measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí a fhaightear. Déanfar toradh an phróisis soláthair a fhógairt trí phreasráiteas agus é críochnaithe amach.

Top
Share