Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 January 2023

Thursday, 26 January 2023

Questions (76)

Catherine Connolly

Question:

76. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Phairliminte 56942/22, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus maidir leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus maidir leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; an bhfoilseofar torthaí an tsuirbhé; an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt faoi stádas an phlean gníomhaíochta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3700/23]

View answer

Written answers

Thug Údarás na Gaeltachta faoi shuirbhé ar a chliaint i mí na Samhna 2022. Tuigtear ón Údarás gur dáileadh ceistneoir chuig gach cliant agus rinneadh iarrachtaí fostóirí agus fostaithe a spreagadh le heolas agus tuairimí a roinnt maidir lena riachtanais teanga agus na tacaíochtaí a bheadh úsáideach dóibh, bíodh sé sa láthair oibre agus/nó sa phobal ina bhfuil siad lonnaithe.

Tá tugtha le fios ag an tÚdarás gur ghlac beagnach 800 duine, idir fhostaithe agus fhostóirí, páirt sa suirbhé seo. Tá anailís idir lámha ag an Údarás faoi láthair ar an eolas, ar na treochtaí agus na tuairimí atá ag teacht chun cinn ón suirbhé agus tá sé i gceist acu torthaí an taighde a fhoilsiú roimh dheireadh mhí an Mhárta.

Úsáidfear na sonraí ón taighde mar bhunús le moltaí a dhéanamh ar chur chuige athleasaithe a bheidh dírithe ar na bealaí is fearr gur féidir leis an Údarás tacú leis na cliant agus na fostaithe ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de agus déanfar scéim nua tacaíochta a thairiscint dá réir.

Top
Share