Normal View

Cúrsaí Tithíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 May 2025

Thursday, 1 May 2025

Questions (246)

Conor D McGuinness

Question:

246. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sonraí iomlána a thabhairt ar aon chruinnithe, comhfhreagras nó idirghníomhaíochtaí idir Rannóg na Gaeltachta dá Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta, agus an dtabharfaidh sé míniú ar an bhfáth nach bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar an gceist ríthábhachtach seo. [21905/25]

View answer

Written answers

Chun a chur le héifeacht na reachtaíochta pleanála, cuireadh tús tamall ó shin le próiseas i dtreo treoirlínte nua a fhorbairt maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. Tá mo Roinn ag glacadh páirt i ngrúpa oibre leis an Roinn Tithíochta, Údaráis Áitiúla Ábhartha agus le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire. Tá an grúpa oibre seo ag cíoradh an phróisis phleanála sa Ghaeltacht chun struchtúr agus cleachtais a aontú chun an próiseas reatha a fheabhsú. Tá cainteanna leanúnacha ar bun idir an Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó 2022 ina leith seo. Tionóladh an cruinniú is déanaí ar an ábhar seo ar i mí Márta 2025.

Le roinnt blianta anuas tá an-chuid teagmháil leanúnach idir mo Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le pleanáil sa Ghaeltacht, nithe a bhaineann le soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta ina measc.

Ceann de phríomhaidhmeanna na gcomhráití seo a chinntiú go ndéanfar nósanna imeachta agus córais a shaincheapadh, de réir mar is cuí, chun cur chuige éifeachtach agus caighdeánach a éascú do na húdaráis áitiúla ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le pleanáil i gceantair Ghaeltachta a bhainistiú.

Tá dréacht treoirlínte á n-ullmhú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar leis an Roinn a chuirfear sa bhfearann phoiblí chomh luath agus is féidir. Táthar ag súil go gcabhróidh sé seo le cur chuige caighdeánach a chur i bhfeidhm a bheidh ar leas an chórais trí chéile.

Cé nach bhfuil na treoirlínte foilsithe go fóill is léir go bhfuil dul chun cinn déanta ar an gceist seo agus beidh tairbhe na hoibre sin le feiceáil nuair a fhoilsítear na treoirlínte.

Share