17 Dec 2018, 14:17
Tiocfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le chéile le Tusla amárach chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an ghníomhaireacht seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil agus seirbhísí dátheangacha a sholáthar.
Sa dara seisiún den chruinniú, tabharfaidh Tusla faisnéis don Choiste faoin gcigireacht a dhéantar ar sheirbhísí Oideachais Luath-Bhlianta agus Ionaid Cúraim Leanaí sa Ghaeltacht.
“Is é cuspóir an chruinnithe plé a dhéanamh le Tusla ar a mheáite atá sé a dhualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh ionas go gcosnófar cearta teanga lucht úsáidte na seirbhísí,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, T.D.
“Is spéis leis an gComhchoiste a chloisteáil, maidir le cigirí Tusla a bhíonn i dteagmháil le seirbhísí Oideachais Luath-Bhlianta agus Ionaid Cúraim Leanaí sa Ghaeltacht, gur i nGaeilge a dhéantar an teagmháil sin, agus, maidir leis na seirbhísí ar fad a sholáthraíonn Tusla do na hIonaid, gur trí Ghaeilge, céad teanga na n-ionad sin agus na leanaí a fhreastalaíonn orthu, a sholáthraítear iad.”
“Tugann an Coiste dá aire go mbíonn neamhréireachtaí ann sa chaoi a seachadtar seirbhísí Gaeilge toisc nach bhfuil seirbhís ar leith Gaeilge ar úinéireacht ag Tusla ná coimisiúnaithe aige. Déanfaimid an ghníomhaireacht a cheistiú faoin gcaoi a bhfuil sé ar intinn aici dea-chleachtas a chinntiú maidir le cumarsáid trí Ghaeilge agus ábhar dátheangach agus comhsheasmhacht níos fearr a fhorbairt ó thaobh seirbhísí Gaeilge a sholáthar.”
Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.
Is féidir imeachtaí beo an Choiste a fheiceáil anseo
Media enquiries
Nuala Walsh,
Houses of the Oireachtas,
Communications Unit,
Leinster House,
Dublin 2
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews