Skip to main content
Normal View

Tuarascáil ar Ghaeltacht na Mí tugtha ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

7 Feb 2019, 10:39

An tseachtain seo, rinne Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tuarascáil uaidh ar a thoscaireacht chuig Gaeltacht na Mí an 18 Meitheamh 2018, a leagan.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile go raibh cruinniú ag an gCoiste le hionadaithe áitiúla i Ráth Chairn agus ghabh sí a buíochas leo as rannchuidiú le hobair an Choiste.

Tá 21 mholadh sa Tuarascáil, lena n-áirítear iarraidh ar Chomhairle Contae na Mí an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint mar theanga an phobail i nGaeltacht na Mí, go háirithe maidir le cead pleanála a dheonú.

Tá moltaí ann freisin sa Tuarascáil lena n-iarrtar:

  • Gach seirbhís phoiblí náisiúnta agus áitiúil a sholáthar trí mheán na Gaeilge i nGaeltacht na Mí agus sna Gaeltachtaí eile;
  • Fostaíocht bhuan lán-aimseartha inphinsin a chur ar fáil i nGaeltacht na Mí agus sna Gaeltachtaí eile;
  • Seirbhísí iompair leordhóthanacha a chur ar fáil do dhaoine óga a chónaíonn i nGaeltacht na Mí agus sna Gaeltachtaí eile, ionas go bhféadfaidh siad fanacht ina gcónaí inti, agus san am céanna, taisteal go dtí limistéir uirbeacha chóngaracha chun leas a bhaint as oideachas, obair agus gníomhaíocht shóisialta.

Cliceáil anseo chun breathnú ar an tuarascáil  Here

Top
Share