Skip to main content
Normal View

Coiste na Gaeilge chun Seirbhísí Gaeilge agus Dátheangacha sa Roinn Oideachais agus Scileanna a phlé

8 Apr 2019, 16:02

Tiocfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Dé Máirt nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun cuspóirí na heagraíochta maidir lena seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha a phlé.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an deis plé a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir lena n-aidhmeanna ó thaobh seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha de. Beidh spéis ar leith ag na Comhaltaí a chloisteáil faoin gcaoi a mbeartaíonn an eagraíocht leathnú ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.”

Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo: https://www.oireachtas.ie/en/oireachtas-tv/cr4-live/

 

Top
Share