Skip to main content
Normal View

Coiste na Gaeilge chun na Teangacha Oifigiúla a phlé leis an Aire Ó Cadhain

4 Nov 2019, 16:18

Láithreoidh an tAire Seán M. Ó Cadhain os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun Bille na dTeangacha Oifigiúla agus nithe éagsúla eile a phlé.

Is iad an dá mhórcheist sa Bhille atá le plé ag an gcruinniú Dé Máirt ar 4 p.m., na Scéimeanna Teanga agus cúrsaí Earcaíochta sa Státseirbhís. Tá sé beartaithe ag an Aire córas um chaighdeáin teanga a thabhairt isteach trína ndéanfaí comhlachtaí poiblí a rangú, agus caighdeáin do na comhlachtaí sin a leagan síos le rialacháin.

Is é ceann de chuspóirí an Bhille é gur Gaeilgeoirí 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí, go n-oibreoidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, T.D., “Fáiltíonn an Coiste roimh an deis éisteacht leis an Aire Ó Cadhain maidir leis na gealltanais i leith na Gaeilge.

Dé Máirt, scrúdóidh an Coiste an Bille chun Acht na Gaeilge a leasú, agus an tréimhse ama lena dhéanamh. Tá sé tábhachtach go mbeidh an deis ag na comhaltaí a gcuid tuairimí a thabhairt ar na moltaí.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 4p.m. i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo

Foghlaim faoi na tuarascálacha agus na ráitis is déanaí ón gCoiste agus faoi chomhaltas an Choiste anseo

Top
Share