Skip to main content
Normal View

Éistfidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le Conradh na Gaeilge

3 Nov 2020, 14:47

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach Dé Céadaoin ar 2 p.m. i Seomra Coiste 2, Teach Laighean nuair a thiocfaidh ionadaithe de chuid Chonradh na Gaeilge i láthair.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Aengus Ó Snodaigh TD, roimh an gcruinniú:“Tá an Comhchoiste ag tnúth go mór le tuairimí agus moltaí Chonradh na Gaeilge a chloisteáil maidir leis an Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí, agus an dualgas atá orthu, agus nach bhfuil á chomhlíonadh acu den chuid is mó, seirbhísí lán-dátheangacha feidhmiúla a sholáthar do phobal na hÉireann.

Is mian leis an gComhchoiste forálacha an Achta bheartaithe a phlé agus na forálacha sainiúla a bhfuil gá leo a aimsiú, ionas go mbeidh an dualgas ar gach eagraíocht Stáit, an cumas inti, na hacmhainní aici agus, an rud is tábhachtaí, gur toil léi, seirbhísí lán-dátheangacha feidhmiúla a chur ar fáil chomh luath agus is féidir.”

Níl pobal na Gaeltachta ná pobal labhartha na Gaeilge sásta fanacht 10 mbliana eile, go dtí 2030, go dtí go gcuirfear tús lena gcearta sibhialta a chur i gcrích. 10 mbliana go dtí go mbeidh 20% d’earcaithe nua sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, earcaithe mar oifigigh lán-dátheangacha fheidhmiúla.  Cé chomh fada a thógfadh sé ina dhiaidh sin go mbeadh 20% d’fhostaithe uile an Stáit ina bhfostaithe lán-dátheangacha feidhmiúla.

Tá éileamh ar sheirbhísí dátheangacha sna 2020idí luatha agus is gá iad a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. Cé go n-aithnítear, tar éis na blianta fada inar tugadh neamhaird ar an nGaeilge agus ísliú céime di, nach féidir leis an Stát an easpa atá déanta a cheartú thar oíche. Níl aon leithscéal ann fanacht 10 mbliana eile chun an sprioc go mbeidh 20% d’earcaithe nua sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí ina n-oifigigh lán-dátheangacha fheidhmiúla a bhaint amach. Níl aon chúis nach féidir leis an Stát córas chun daoine dátheangacha a earcú a thabhairt isteach taobh istigh de thréimhse ghearr; 2 bhliain mar shampla.

Más fíor é nach féidir leis an Stát é sin a dhéanamh, níl i gceist ach neamhéifeachtacht agus drogall, agus níl an cur chuige seo inghlactha. Ní ghlacfaí leis an am-scála sin i gcomhair aon bheartas práinneach eile agus creidim nach bhfuil sé inghlactha i gcomhair an bheartais thábhachtaigh seo ach oiread.

Pléifear maoiniú le haghaidh tionscnaimh Ghaeltachta agus Ghaeilge sa chruinniú freisin.

Top
Share