Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge os comhair Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta amárach

17 Nov 2020, 16:40

Tionólfar cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin ar 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 2, Teach Laighean 2000, ina ndéanfar breithniú ar an ábhar ‘Seirbhísí dátheangacha éifeachtacha á soláthar ag Ranna Stáit agus Comhlachtaí Poiblí agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019’. Beartaítear an cruinniú a thionól an 18 Samhain 2020 ag2.00 iarnóin i Seomra Coiste 2 i dTithe an Oireachtais le Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach an Fhorais, Seán Ó Coinn agus Pól Ó Gallchóir. 

Roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, An dTeachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ag dul tríd Thithe an Oireachtais faoi láthair agus beidh sé os comhair an Chomhchoiste go luath. Ach ní fiú aon Bhille leasaithe mura bhfuil leasuithe ann atá oiriúnach don fheidhm atá leo; leasuithe a chuirfidh ar chumas na gcomhlachtaí poiblí agus a chuirfidh dualgas dosheachanta orthu seirbhísí lán-dátheangacha a chur ar fáil dá gcustaiméirí uile. Tá fhios agam go bhfuil an dea-thoil ann i measc gnáthfhostaithe na gcomhlachtaí poiblí ach go dtí seo, tá an cosúlacht ann nach bhfuil an dea-thoil chéanna ann ag leibhéal na bainistíochta i gcuid mhór dóibh.  Sin an fhadhb is mó atá ann, agus mura sáraíonn an Bhille molta an fhadhb seo, ní fiú é  do mhuintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge.  Sin an fhadhb gur mhaith liom a phlé leis na hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge amárach, mar aon lena dtuaraimí  faoi conas Bille na dTeangach Oifigiúla (Leasú) 2019 a láidriú.

“Dár ndóigh beidh an deis ag baill an chomhchoiste chomh maith ceisteanna maidir le maoiniú an Fhorais agus gnéithe eile d’obair Foras na Gaeilge a chíoradh chomh maith.”

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste, anseo

Top
Share