Skip to main content
Normal View

Éistfidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an Dochtúir John Walsh inniu

25 Nov 2020, 11:02

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inniu Dé Céadaoin ar 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 2, Teach Laighean nuair a labhróidh an Dochtúir John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus  an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leo ar an ábhar ‘‘Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020 – a éifeachtaí a bheidh na leasuithe a mholtar sa Bhille maidir le seirbhís phoiblí dhátheangach a sholáthar do phobal na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge’.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Aengus Ó Snodaigh TD, roimh an gcruinniú:

“Tá an-suim ag comhaltaí an Chomhchoiste tuairimí an Dochtúir Walsh a chloisteáil inniu. Is saineolaí é ar an nGaeilge agus ar cad atá ag teastáil in aon Acht nua a reachtófar chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun a gcearta a thabhairt do phobal na Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta. Is mian leis an gComhchoiste forálacha an Achta bheartaithe a phlé leis agus ár dtuiscint ar na forálacha éagsúla a neartú sula dtiocfaidh an Bille os comhair an Roghchoiste ar an 10 Nollaig 2020.”

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste, anseo

Top
Share