Skip to main content
Normal View

Iarratais á lorg ag an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht ó dhaoine den phobal lena n-ainmniú chun Bhord RTÉ

26 Nov 2020, 14:20

Tá iarratais á lorg ag an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht ó dhaoine den phobail atá cuícháilithe agus ar mhian leo go mbreithneofaí iad lena gceapadh chun Bhord RTÉ.

Tá ceithre fholúntas ann ar lena n-aghaidh a dhéanfaidh an Coiste iarrthóirí oiriúnacha a mholadh len n-ainmniú chun Bhord RTÉ ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus lena gceapadh ag an Rialtas.

Déanfaidh grúpa oibre ar a mbeidh Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann, an Leaschathaoirleach Ailín Ó Diolúin, an Teachta Maitiú Mac Craith, an Seanadóir Malcom Byrne agus an Seanadóir Fintan Warfield scrúdú ar na hiarratais agus tuairisciú air sin chuig an gComhchoiste.

Arsa an Teachta Nic Gabhann: “Tá ról tábhachtach ag Coistí an Oireachtais maidir lena chinntiú go n-ainmneofaí iarrthóirí atá cuícháilithe chun bord stáit. Is le gníomhú thar ceann an phobail chun formhaoirsiú a dhéanamh ar reáchtáil gnóthaí comhlachtaí stáit a cheapfar comhaltaí bord stáit. Ní foláir do bhoird stáit fónamh do leasanna an cháiníocóra, luach ar airgead a iarraidh, trédhearcacht a chinntiú agus a bheith cuntasach as bainistiú cuí na heagraíochta.

“Tugann an Comhchoiste anois cuireadh do dhaoine den phobail iarratais a chur isteach agus scrúdóidh sé na hiarratais a gheofar sula ndéanfaidh sé moltaí don Aire. Ba chóir do dhaoine a chuirfidh a n-ainm ar aghaidh gearrchuntas ar a dtaithí oibre, ina dtabharfar mionsonrú ar cé acu de na critéir maidir le ceapacháin atá comhlíonta acu, a chur ag gabháil leis an iarratas.”

Tá tuilleadh faisnéise faoi iarratais a dhéanamh ar na poist seo ar fáil ar Stateboards.ie.

Ba chóir d’iarrthóirí CV a sheoladh chuig  jcmedia@oireachtas.ie

Is é 3pm Déardaoin an 17 Nollaig 2020 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share