Skip to main content
Normal View

Acht a chinnteoidh seirbhísí poiblí dátheangacha do phobal na Gaeltachta / na Gaeilge chomh luath is féidir

8 Dec 2020, 15:00

Amárach, tiocfaidh  an scríbhneoir, Liam Mac Cóil, agus an t-abhcóide, Cynthia Ní Mhurchú, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Agus iad ag teacht ó phobal na Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge faoi seach, beidh a dtuairimí á dtabhairt acu ar na leasuithe atá molta, agus ar na leasuithe ba chóir a bheith, i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019.

Is iad Liam Mac Cóil agus Cynthia Ní Mhurchú na finnéithe deireanacha a n-éisteoidh an Comhchoiste (Teachtaí Dála agus Seanadóirí) leo sula rachaidh an Bille seo faoi bhráid Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil i gcomhair Chéim an Choiste.

Reáchtálfar an cruinniú den Chomhchoiste ag 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 2, Teach Laighean ar an gCéadaoin, 9 Nollaig 2020.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:“Mar dhaoine atá aitheanta sa phobal agus mar dhaoine a bhfuil an Ghaeilge curtha chun cinn acu i ngach gné dá saol, agus mar shaineolaithe ar an nGaeilge agus ar an dlí, beidh an-suim ag comhaltaí an Chomhchoiste forálacha an Bhille a phlé le Cynthia agus Liam, agus tá súil agam go n-éisteoidh an tAire le cad a bheidh le rá acu maidir le forálacha an Bhille.

Tá mise, mar Chathaoirleach, agus comhaltaí eile an Chomhchoiste, ag iarraidh go gcuirfidh an tAire Bille os comhair na Dála, tar éis Céim an Choiste, a chinnteoidh seirbhísí poiblí dátheangacha do phobal na Gaeltachta / na Gaeilge chomh luath is féidir. Ní féidir leis an nGaeilge, mar theanga bheo, ná ní féidir le pobal na Gaeltachta / na Gaeilge fanacht deich mbliana eile go dtí go mbeidh tús curtha leis an bpróiseas seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil.

Mar sin, beidh muid ag iarraidh ar an Aire na moltaí dearfa atá curtha faoi bhráid Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a ghlacadh, chun leas na Gaeilge. Níl an Bille, mar atá sé molta ag an Aire faoi láthair, oiriúnach don fheidhm atá aige, agus má sheolfar ar aghaidh é, gan na leasuithe cuí, beidh deis mhór caillte againn cosaint cheart a dhéanamh ar an nGaeilge, agus ar an nGaeltacht a tharrtháil. Tá súil agam nach dtarlóidh sé seo ach go gcuirfear Acht cumasach i bhfeidhm chomh luath is féidir.”

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Top
Share