Skip to main content
Normal View

Atosú ar Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019

28 Jan 2021, 09:24

Amárach, leanfaidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil ar aghaidh lena bhreithniú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 (Céim an Choiste sa Dáil).

Suífidh an Roghchoiste ó 1.00 go dtí 3.00 iarnóin i Seomra na Dála, Teach Laighean.

Bhí cruinniú príobháideach inné de Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar cheist a ardaíodh le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ag Céim an Choiste sa Dáil ar an Aoine seo caite, an 22 Eanáir 2021, faoin líon leasuithe a dícheadaíodh. Chomhaontaigh an Roghchoiste go scríobhfadh sé chuig an gCeann Comhairle agus  rinneadh plé ag an gcruinniú inné ar an méid go díreach a bheadh le cur sa chomhfhreagras sin.

I ndiaidh an chruinnithe inné, bhí an méid seo le rá ag Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:“Is cúis imní do Chomhaltaí an Roghchoiste an líon mór dícheaduithe atá molta dom, mar Chathaoirleach, ar an mbonn nach bhfuil baint acu le forálacha an Bhille nó ar an mbonn gur muirear ar an ioncam iad. Ar an ábhar sin, chomhaontaigh an Roghchoiste ag a chruinniú príobháideach inné, a iarraidh ar an gCeann Comhairle na dícheaduithe sin a imscrúdú, agus a chinntiú go dtabharfar soiléiriú don Roghchoiste faoi chur i bhfeidhm na mBuan-Orduithe a bhaineann le leasuithe a cheadú agus a dhícheadú.

D’iarr an Roghchoiste ar an gCeann Comhairle é sin a dhéanamh roimh dheireadh Chéim an Choiste sa Dáil ionas go bhféadfaidh an Roghchoiste an soiléiriú sin, i dteannta na leasuithe ar glacadh leo, a chur sa Tuarascáil a ndéanfar plé uirthi ag Céim na Tuarascála. Tá sé sin ag teastáil chun deis a thabhairt do Theachtaí Dála aon leasuithe a dícheadaíodh de thairbhe tuiscint ró-chúng ar bhrí na mBuan-Orduithe iomchuí, a chur ar ais chuig Céim na Tuarascála, agus chun a chur in iúl dóibh nach nglacfar arís le tuiscint ró-chúng den sórt sin ag an gCéim sin.”

Aithnítear go forleathan, laistigh de Thithe an Oireachtais agus lasmuigh díobh, a laige atá an Bille seo mar a tionscnaíodh é in 2019. Tá sé sin aitheanta ag an Aire féin agus tá gealltanas tugtha go poiblí go ndéanfar gach iarracht é a láidriú ionas go bhféadfar Acht nua a chur i bhfeidhm a bheidh ina Acht cuimsitheach lena gcinnteofar seirbhísí poiblí dátheangacha agus cearta teanga do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge araon, a luaithe is féidir, agus trína rachfar i ngleic le géarchéim na teanga. Sin an dúshlán atá roimh chomhaltaí an Roghchoiste, agus sin an chúis lenar leagadh os cionn trí chéad leasú faoina bhráid.

Tá imní mhór ar chomhaltaí an Roghchoiste go bhfuil an córas dícheadaithe mar atá sé á fheidhmiú faoi láthair, ag cur laincisí nach gá ar an bpróiseas daonlathach agus ar dhualgas na gcomhaltaí féin gach leasú a phlé leis an Aire, agus forálacha an Bhille seo agus forálacha Billí eile a fheabhsú. Is ceist thromchúiseach í seo, ní amháin don Roghchoiste seo ach do gach Coiste Oireachtais, agus d’fheidhmiú na Dála agus an tSeanaid féin.

Chomhaontaigh an Roghchoiste go bhfuil gá le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras agus ar fheidhmiú na ndícheaduithe ina n-iomláine, agus tá sé molta ag an Roghchoiste don Cheann Comhairle an t-athbhreithniú sin a chur i gcrích.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Top
Share