Skip to main content
Normal View

An séú seisiún de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a bheidh ag leanúint ar aghaidh amárach

15 Feb 2021, 17:05

Leanfaidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh le seisiún a 6 de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 i Seomra na Dála ag 1.00 iarnóin amárach. Suífidh an Roghchoiste go dtí 3.00 iarnóin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá muid tar éis beagnach deileáil le breis is 60 den 308 leasú a cuireadh isteach maidir leis an mBille, agus rinneadh mionphlé ar a lán acu sa 5 seisiún roimhe seo. Tá mé féin agus comhaltaí an Roghchoiste ag tnúth le freagra ón gCeann Comhairle ar ár litir chuige inar iarradh air imscrúdú a dhéanamh agus soiléiriú a thabhairt dúinn mar gheall ar chur i bhfeidhm na mBuan-Orduithe i dtaca le thart ar 100 leasú a bhí dícheadaithe. Tá súil agam go mbeidh deis ag an Roghchoiste an freagra sin a phlé roimh chríoch Céim an Choiste.

Cuireann sé díomá orm go dtí seo, in ainneoin gur léir gur leasaithe praiticiúla a chuirfeadh feabhas ar líon agus soláthar seirbhísí as Gaeilge ag an Stát iad, nár ghlac an tAire, Jack Chambers le haon cheann acu. Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire beart de réir a bhriathair, agus é tar éis geall a thabhairt i leith roinnt de na leasuithe go ndéanfaidh sé athbhreithniú orthu roimh an gcéad chéim eile. Bunaithe ar a bhfuil ráite aige sa  Roghchoiste go dtí seo, beidh mé ag súil go mbeidh dornán leasuithe romhainn ag Céim na Tuarascála den Bhille sa Dáil, ar leasuithe iad a láidreofar forálacha an Bhille laig seo, Bille nach bhfuil oiriúnach don fheidhm atá leis.”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Top
Share