Skip to main content
Normal View

An séú seisiún de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a bheidh ag leanúint ar aghaidh amárach

1 Mar 2021, 17:32

Leanfaidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh le seisiún a 7 de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 i Seomra na Dála ag 1.00 iarnóin amárach. Suífidh an Roghchoiste go dtí 3.00 iarnóin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: Fillfimid ar Leasú 64 den Bhille amárach. Baineann an leasú sin agus na leasuithe a leanann é leis an gceart atá ag daoine meas a fháil ar a n-ainmneacha, a seoltaí agus a dteidil, agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí an Stáit. Tá an Roghchoiste ag iarraidh ar an Aire na forálacha sa Bhille a bhaineann leis an gceart sin a neartú, ionas go mbeidh sé soiléir do chomhaltaí phobail an dualgas atá orthu an meas sin a léiriú agus a chur i bhfeidhm, agus nach mbeidh clásail éalaithe áirithe ar fáil dóibh trína bhféadfaidís an dualgas sin a sheachaint.

Mar Chathaoirleach den Choiste, táim buartha faoin bhfoclaíocht atá á moladh ag an Aire; foclaíocht atá lán de fhrásaí nach bhfuil láidir go leor chun aidhmeanna an Bhille a bhaint amach, agus nach gcuireann aon dualgas ar an Aire sa todhchaí aon rud a dhéanamh, ach a thugann an rogha dó é a dhéanamh, más maith leis é sin, nó gan é a dhéanamh mura maith leis é. Is minic a mholtar ‘féadfaidh’ seachas ‘déanfaidh’ mar fhoclaíocht sa Bhille agus baintear úsáid as foclaíocht ar nós ‘a luaithe is indéanta’ seachas spriocdhátaí cinnte, spriocdhátaí a bhfuil gá leo sa Bhille seo.

Chomh maith leis sin, beidh mé ag iarraidh ar an Aire tionchar níos mó a thabhairt don Choiste Chomhairleach atá molta aige, agus don Choimisinéir Teanga, sa phróiseas a mholann sé sna forálacha a bheidh á bplé againn leis amárach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Fiosrúcháin ó na Meáin   

Alan Neary

Oifigeach Preasa, Tithe an Oireachtais, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire

Líne thalún: 01-6184743 Fón póca: 0860107500

www.oireachtas.ie

Twitter @OireachtasNews

Top
Share