Skip to main content
Normal View

Seirbhís Craolacháin Gaeilge níos leithne agus níos cuimsithí de dhíth

18 May 2021, 16:59

Amárach, tiocfaidh  an tAire Caitríona Ní Mháirtín T.D. agus Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach, Údarás Craolacháin na hÉireann, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an t-ábhar, ‘Craoltóireacht na Gaeilge,’ a phlé.

Reáchtálfar an cruinniú den Chomhchoiste ar 2.00 p.m. i Seomra na Dála, Teach Laighean, Dé Céadaoin, an 19 Bealtaine 2021.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Tá ceart ag saoránaigh na hÉireann, seirbhís craolacháin a fháil trí mheán na Gaeilge ar chomhchéim leis an tseirbhís atá ar fáil dóibh trí mheán an Bhéarla. Faraor, ní hamhlaidh atá sé faoi láthair, nó a bhí sé riamh. I ndáiríre, tá an tseirbhís Gaeilge atá ar fáil sa lá atá inniu níos lú ná mar a bhí sé siar in 1926 nuair a céadbhunaíodh  RN2 (Raidió Éireann). Sin, seachas an tsár-obair atá á déanamh ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Is mian liom na féidearthachtaí atá ann chun seirbhís Gaeilge níos leithne agus níos cuimsithí a chur ar fáil a phlé leis an Aire agus leis an Údarás amárach. Tá réimse leathan d’uirlisí cumarsáide nua-aoiseacha ag feidhmiú anois, agus tá sé tábhachtach go dtabharfar gach deis agus spreagadh don Ghaeilge ról gníomhach a bheith aici ar na meáin chumarsáide sin; idir raidió, theilifís, scannáin, na meáin shóisialta, phodchraoladh, srl."
Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.

Top
Share