Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag leanúint lena bhreithniú ar Churaclam Nua na hArdteistiméireachta: T1 agus T2 a phlé

15 Jun 2021, 16:37

Leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge lena phlé ar Churaclam Nua na hArdteistiméireachta T1 agus T2  ag cruinniú den Chomhchoiste a bheidh ann amárach.

Tosóidh an cruinniú ag 12.30 iarnóin i Seomra na Dála agus beidh an t-ábhar tábhachtach seo á phlé le hionadaithe ón Roinn Oideachais.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Beidh oifigigh ó Roinn an Oideachais os ár gcomhair, agus is mian liom plé a dhéanamh leo ar an neamhréireacht atá soiléir i leagan amach churaclam nua na hArdteistiméireachta, agus ar an easpa aitheantais atá tugtha ann don éagsúlacht mhór idir caighdeán an T1 agus caighdeán an T2.

Is ionchas míréadúil, míchothrom agus seafóideach é a bheith ag súil go mbeidh daltaí na hArdteistiméireachta sásta dul i ngleic leis an T1 agus an dua mór a bhaineann leis, agus gan le fáil acu i ndeireadh a n-olldua ach an tairbhe chéanna is atá ar fáil as an T2 a dhéanamh.

Má tá muid ag iarraidh ar ár ndaltaí meánscoile a scileanna dátheangacha a chothú go leibhéal na líofachta, tá orainn cothrom na Féinne a thabhairt dá n-iarrachtaí breise. Tá orainn na gaiscí a bhaineann siad amach a aithint agus cúiteamh tairbheach agus fóinteach a bhronnadh orthu."

Beidh dhá ábhar eile á bplé ag an gComhchoiste amárach:

1. An tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tacaíocht sin.

2.Na Seirbhísí Taighde atá ar fáil don Chomhchoiste trí mheán na Gaeilge. Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.

Féach ar an gcruinniú beo.

Top
Share