Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun bualadh le ceardchumainn na múinteoirí

22 Jun 2021, 15:05

Leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar Churaclam Nua na hArdteistiméireachta T1 agus T2  ag a chruinniú amárach nuair a bheidh ionadaithe ó Aontas Múinteoirí Éireann agus ó Chumann Múinteoirí Meánscoile na hÉireann os a chomhair.

Tosóidh an cruinniú ar 12.30 iarnóin i Seomra na Dála.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Tá an-suim agam, agus ag na comhlachtaí eile den Chomhchoiste, tuairimí na múinteoirí féin a chloisteáil maidir le curaclam nua na hArdteistiméireachta, agus an easpa aitheantais atá tugtha ann don éagsúlacht mhór idir caighdeán an T1 agus caighdeán an T2.

"Tuigeann na múinteoirí sna scoileanna, thar aon duine nó grúpa eile, seachas na daltaí féin, na dúshláin mhíchothroma atá á gcur againn ar na daltaí i leith an T1. Tuigeann siad cé chomh neamh-réalaíoch is atá sé a bheith ag iarraidh ar dhaltaí dul i ngleic leis an T1, agus an t-am atá riachtanach chun é sin a dhéanamh a thabhairt dó; agus ag an am céanna, dóthain ama a thabhairt chun na dúshláin eile a bhaineann leis na hábhair eile san Ardteistiméireacht a shárú.

"Tá súil agam go gcuirfidh Aontas Múinteoirí Éireann agus Cumann Múinteoirí Meánscoile na hÉireann moltaí dearfa os comhair mo Chomhchoiste amárach maidir leis an tslí is fearr chun daltaí a mhealladh i dtreo an T1 seachas an T2, agus tá súil agam go mbeidh an tAire Oideachais agus na hoifigigh sa Roinn Oideachais sásta éisteacht leo agus aird a thabhairt orthu."

Tabhair do d’aire go gcraolfar an cruinniú ar chainéal 1 ó Sheomra Coiste 1 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.  

Top
Share